CIC Logo

Cré na Cille - bunleagan (Ríomhleabhar)

By Máirtín Ó Cadhain, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781905560493  

‘Is mise Stoc na Cille. Éistear le mo ghlór! Caithfear éisteacht . . .'

Is é Cré na Cille an saothar is mó cáil, seans, sa Nua-Ghaeilge. Cé gur bhuaigh sé duais Oireachtais sa bhliain 1947, dhiúltaigh An Gúm glacadh leis mura mbainfí míreanna áirithe as. D'fhoilsigh Sáirséal agus Dill é ar an 10 Márta 1950.

In Traidisiún Liteartha na nGael (1979) deir J. E. Caerwyn Williams agus Máirín Ní Mhuiríosa: ‘Níl aon amhras ná gurb é Máirtín Ó Cadhain an scríbhneoir is tábhachtaí dár shaothraigh prós na Nua-Ghaeilge le breis agus daichead bliain anuas.'

Agus deir Alan Titley in An tÚrsceal Gaeilge (1991): ‘Úrscéal gan síol gan sliocht is ea Cré na Cille mar is é an focal deireanach é mar gheall ar chomhthionól cúng na tuaithe agus flosc deireanach chaint na ndaoine sa chiall a thuigtí leis sin ó thús na hathbheochana i leith.' Tá na carachtair san úrscéal seo ar shlí na fírinne ach ní fhéadfá a rá gur marbh atá siad. Ní rabhadar riamh chomh beo is chomh mioscaiseach is atá siad anois.

Léigh sliocht as an leabhar

Praghas: €11.99 Praghas Anois: €5.66