CIC Logo

Scread Mhaidne (Ríomhleabhar)

By Joe Steve Ó Neachtain, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 1902420535  

Ní mórán suaimhneas a fhaigheann Sorcha ar theacht abhaile di ó shocraid a máthara, a mhalairt ar fad atá i ndán di nuair a chaitheann a haintín, Buffalo mar is fearr aithne uirthi, amach ar an tsráid í, ag maíomh nach bhfuil fáilte roimh bhastairdíní beaga sa teach sin! Tugann an scéal seo ó Luimneach go dtí an Spidéal agus go Sasana muid agus Sorcha ar thóir freagraí ar na ceisteanna atá á crá: Cé hí a máthar? Cén fáth gur thug sí ar altramas í? Úrscéal spleodrach atá anseo, é dea-scríofa, saoithiúil agus soléite mar is dual do scríbhneoireacht Joe Steve. Cé gur scéal brónach atá á ríomh, tá an greann fite fuaite ann. Cuirfidh an stíl scríbhneoireachta a shraithdhráma raidió Baile an Droichid i gcuimhne do léitheoirí.

Seo an chéad úrscéal ó pheann Joe Steve, a bhfuil aithne ar fud na tíre air mar aisteoir sa sobaldráma Ros na Rún. Ar an gCré Dhubh sa Spidéal a rugadh agus a tógadh Joe Steve agus is ann atá áitreabh air. Tá gearrscéalta, geamaireachtaí agus drámaí scríofa aige, amhráin agus filíocht, scripteanna agus sceitseanna, agallaimh bheirte agus lúibíní chomh maith lena shaothar do pháistí agus do dhéagóirí. Is é a scríobh script an tsraithdhráma raidió, Baile an Droichid, a bhí deich mbliana á chraoladh ar Raidió na Gaeltachta. Bronnadh Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 1998 ar Joe Steve as a chnuasach gearrscéalta Clochmhóin, agus bronnadh an gradam athuair air i 2001 dá úrscéal Lámh Láidir. Bronnadh duais Oireachtas air do Scread Mhaidne.

Léigh sliocht as an leabhar

Praghas: €9.23 Praghas Anois: €4.55