CIC Logo

Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha (Ríomhleabhar)

By Gearóid Denvir, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781905560653  

AR GHEARRLIOSTA GHRADAM UÍ SHUILLEABHÁIN 2011

Cluintear duine san áit nach bhfeictear é, a deir an seanfhocal, agus breis agus deich mbliana tar éis a bháis anabaí tá glór breá láidir soiléir sin Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha le cloisteáil an athuair. Lena bheo ní raibh ócáid i gConamara, i nGaillimh ná go deimhin in Éirinn fré chéile nach raibh a léirmheas dána féin tugtha ag an bhfile air: forbairtí conspóideacha tithíochta, imeachtaí polaitiúla náisiúnta agus áitiúla, corrscannal anseo agus ansiúd. Ach ní taobh leis an bhfilíocht phoiblí amháin a bhí an file; gheofar sa leabhar seo freisin cuid den fhilíocht mhachnamhach, aigneolaíoch agus fealsúnachta is fearr ó bhí Raiftearaí agus a chomhfhilí ina sea: cumha i ndiaidh an bhaile, uamhan i leith an nádúir, machnamh domhain ar chúrsaí spioradálta agus cráifeacha. Is fada muid ag feitheamh ar an leabhar seo, ach mar a deir siad is minic a bheireas an mhoill an barr léi.

Is é Gearóid Denvir a chuir na dánta in eagar. Tá nótaí cuimsitheacha ag dul le gach uile dhán agus tá aiste fhada chritice sa leabhar chomh maith a dhéanann dian-iniúchadh ar fhilíocht Learaí agus a shuíonn na dánta i gcomhthéacs na filíochta béil i gcultúir eile ar fud an domhain, san Afraic, i Meiriceá Theas agus áiteacha nach iad

Léigh sliocht as an leabhar

Praghas: €18.45 Praghas Anois: €9.23