CIC Logo

1916 Seachtar na Cásca (Leabhar)

By Aindrias Ó Cathasaigh, Coiscéim

Tá na seacht n-ainm ag bun Fhorógra na Poblachta ar eols ag an saol, ach ní hé an oiread sin aithne atá againn ar an seachtar féin. Bhí beatha spéisiúil ag gach duine acu i bhfad sula raibh aon chaint ar éirí amach, agus thug siad ar fad tréithe ar leith isteach leo sa troid sin. Bhí difríochtaí maidir le haois, aicme, tuairimí agus eile idir na baill éagsúla den rialtas sealadach a cuireadh ar bun faoi Cháisc 1916. Ach ag teacht ó phointí éagsúla tosaithe trí chríocha éagsúla ar bhealaí éagsúla, rinne seachtar na Cásca a gcion leis an bhfód a sheasamh in aghaidh na héagóra.

Tugann an leabhar seo cuntas bríomhar ar shaol gach duine den seachtar, agus ar an gcaoi ar tháinig siad le chéile i dtreo an éirí amach. Foilsítear é in éineacht leis an tsraith teilifíse 1916: Seachtar na Cásca, agus tá grianghraif iontacha ón tsraith mar mhaise air.

Praghas: €10.00