CIC Logo

Aniar

By Tadhg Mac Dhonnagáin, Futa Fata

Tagairt: 9780955098314  

Is fairsing an t-ábhar atá ar fáil i dtraidisiún béil na Gaeltachta. Is iad na hamhráin, b'fhéidir, is mó atá i mbéal an phobail ar na saolta seo, ach tá réimse leathan eile ábhar ann - dánta, orthaí, tairngreachtaí, seanfhocail agus rabhlóga ina measc. Sa leabhar seo cuirtear an seanábhar sin i láthair ar bhealach nua. Tugann Tadhg Mac Dhonnagáin cur síos ar chúlra na bpíosaí agus cuireann sé leaganacha véarsaíochta Béarla den bhunábhar i láthair. Déantar léiriú físiúil ar an véarsaíocht sna grianghraif le Ceara Conway. Cloistear aisteoirí as Conamara ag aithris na bpíosaí ar an dlúthdhiosca a ghabhann leis an leabhar, le tionlacan nuachumtha ceoil agus rithime ón gcumadóir John Ryan.

 

Praghas: €25.00 Praghas Anois: €20.00