CIC Logo

Buille Marfach

By Anna Heussaff, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781905560639  

Dúnmharú agus mistéir - úrscéal nua ó údar móréilimh

Éist leis an údar Anna Heussaff ag léamh as Buille Marfach ar Tuairisc.ie mar chuid den sraith Focal is Fuaim. Tá an leabhar seo ar lascaine 50% an tseachtain seo mar chuid den sraith sin. 


Bean sínte ar bhóithrín uaigneach istoíche. Ar leithinis aoibhinn Bhéarra tá Aoife Nic Dhiarmada agus a grúpa cuairteoirí trí na chéile. An tráthnóna dár gcionn, ionsaí as an nua; ansin faightear an corpán.


Sceon, fuadar agus fiosrú dúnmharaithe. Téann Aoife agus an Garda Réamonn Seoighe araon i mbaol beatha de réir mar dhruideann an tóir chun buaice.


Beidh an léitheoir i ngreim ag an scéal seo ó thús go deireadh.

Léigh sliocht as an leabhar
 

Praghas: €12.00

Léirmheas

Katie McGreal, Feasta, Bealtaine 2014

Dúrún dúnmharaithe atá sa leabhar seo atá éasca le léamh agus atá deacair le cur síos. Tá tús láidir ann: bean, Tessa, gortaithe i gceantar iargúlta - Béarra. Insítear dúinn go bhfuil sí sa cheantar seo ar saoire lena fear céile agus nach raibh cúrsaí ró-iontach eatarthu. Tamaillín ar aghaidh, tagann pobal an cheantair ar chorpán, corpán d'fhear a bhí mór le Tessa agu duine de na daoine deireanacha a chonaic í sular ionsaíodh í.

Úsáideann an t-údar neart stíleanna scríbhneoireachta difrúla sa leabhar. Ní príómhcharachtar amháin ann. In amanna is í Aoife, bena gur léí teach lóistín sa cheantar an príómhcharachtar agus in amanna eile is é an GArda Réamonn Seoighe é. Uaireanta eile, níl an chuma ar an scéal go bhfuil priomhcharachtar ar bith ann.

Tagann scéalta faoi phobal an cheantair chun solais le linn an fhiosrúcháin. Cuirtear an léitheoir ag smaoineamh. Déantar neart tomhais ar cé hé nó cé hí an dúnmharfóir. Tá an chuma air go bhfuil níós mó i gceist anseo ná dúnmharú sa dúthaigh seo amháin - an bhfuil baint ag an eachtra leis an Rúis?

Ag teacht go deireadh an scéil, baineann an t-údar níos mó as duine ne na mioncharachtair, rud nach mbítear ag súil leis.

Cuireann an t-údar blas pearsanta inchreidte ar na heachtraí trí úsáid a bhaint as saol agus cúlra na gcarachtar: nuair a bhíonn Réamonn leis féin is minic a smaoiníonn sé siar ar an bhfáth go ndeachaigh sé isteach sna Gardaí, mar shampla, agus toisc go bhfuil fiosrú ar siúl ina baile féin, tagraíonn Aoife go minic dá taithí féin mar iriseoir. Níscéal san aimsir láithreach amháin é seo. Cuireann tú aithne cheart ar na carachtair agus coinníonn sin ag léamh tú, lena fháil amach céard a thárlaíonn dóibh.