CIC Logo

Diabhlaíocht Dé

By Cló Iar-Chonnacht, Micheál Ó Conghaile

Tagairt: 9781784441265  

"Sular chruthaigh Dia an chéad domhan ní raibh an domhan seo ná aon domhan eile ann..." Ach ní hé an domhan seo é, nó más é, go bhfóire Dia eicínt eile orainn. Scéalta buile, scéalta mire iad seo ina n-imríonn Dia cleasanna den uile chineál ar chine daonna nach bhfuil ach díreach tagtha ar an saol. Ach más le teann oilc nó mailíse nó spite eicínt é, is iad an cine daonna a bhíonn thíos leis. 

Scéalta iad seo a bhfuil blas an Bhíobla ar chuid acu agus a bhfuil aithne againn ar chuid de na carachtair cheana féin, leithéidí Lazarus agus Iúdás Iscariot. Carachtair eile, shílfeá gur ón mbéaloideas nó ón miotaseolaíocht nó ón Domhan Thoir féin a tháinig siad: ainmhithe a bhfuil bua na caint acu agus daoine a bhfuil ainmhithe mar thuismitheoir nó mar chéile acu. 

Sa chnuasach seo tá an meascán den draíocht agus den réaltacht is dual don Chonghaileach go rábach tríd sios. Scéalta iad seo a mbainfidh ilchreidmhigh, ainchreidmhigh agus neamhchreidmhigh araon tairbhe agus sásamh astu. 

Praghas: €12.00 Praghas Anois: €6.00

Léirmheas

Aonghus Ó hAlmhain, 'Smaointe Fánacha Aonghusa', aonghus.blogspot.com Meitheamh 2015

Dar leis an mblurba ar an leabhar seo:

Scéalta iad seo a mbainfidh ilchreidmhigh, ainchreidmhigh agus neamhchreidmhigh araon tairbhe agus sásamh astu.

Beidh fhios ag léitheoirí an bhlaga seo nach dtiteann mise go ró mhaith i ceachtar catagóir thuas. Bhíos measartha míchompordach dá brí sin le scéalta a bhain macallaí láidre as scéalta an tSeantiomna ach gurbh cosúla an Dia iontu le samhail Shakespeare i Rí Lir:

As flies to wanton boys are we to th' gods.
They kill us for their sport.

Cheil sin cuid de phléisiúir na léitheoireachta orm go dtí gur éirigh liom an ealaíon a fheiceáil agus tuiscint nach an doiscéal de réir Micheál a bhí anseo agam ach obair osréalach ficsean, draíocht ag caitheamh léargas ar an duine agus a chaidrimh.

Is fédiir an cuid eile den léirmheas seo a léamh ar an mblag 'Smaointe Fánacha Aonghusa' ag an nasc seo:

http://aonghus.blogspot.ie/2015/06/diabhlaiocht-mhichil.html?spref=tw

LÉIRMHEAS: Idir Diabhlaíocht Dé agus diagacht dhiabhalta Pól Ó Muirí, 11 Lúnasa 2015 foilsíodh an léirmheas seo den chéaduair ar Tuairisc.ie

Agus é ag scríobh sa réamhrá den chnuasach gearrscéalta, May You Die in Ireland / Bás in Éirinn, scríobhann duine d’eagarthóirí an leabhair, Aodán Mac Póilín: “Is b eag scéal sa Ghaeilge a phléann le cumhacht, le hairgead nó le Dia, rud a d’fhág i muinín an dá théama mhóra eile mé, an grá agus an bás.”

Má bhíonn an dara heagrán den leabhar ann, beidh air an réamhrá sin a athscríobh nó seo chugainn anois cnuasach gearrscéalta le Micheál Ó Conghaile – Diabhlaíocht Dé – a phléann le Dia, le diabhail agus, gan amhras, an dá théama mhóra eile sin, an grá agus an bás.

Cuirfidh an léitheoir sonrú láithreach i dteideal an leabhair – Diabhlaíocht Dé. Ní minic, sa chomhthéacs Críostaí comhaimseartha, go bhfeiceann tú “diabhlaíocht” luaite le Dia. Fiú ag lucht na Gaeilge nach gcreideann i nDia nó sa Chríostaíocht, nach go réidh a thagann ‘Rath Dé ar an obair’, abair? Diabhlaíocht Dé? Bhuel, sin réamhfhógra go bhfuil an chaint choitianta agus an chiall thraidisiúnta le cur bun os cionn ag an údar.

Agus cuirtear. Tá an scéal, ‘Lá Eile Lazaras’, ar cheann de na scéalta is traidisiúnta sa chnuasach. Insíonn an t-údar scéal Lazarus i ndiaidh dó éirí ó mhairbh; scrúdaíonn Lazarus a shaol féin as an nua; fiafraíonn sé de féin cad chuige ar tharla an méid ar tharla dó; teitheann sé roimh dhaoine a chuireann eagla air anois. Bíonn siad fiosrach ar dtús faoina scéal ach ní fada go n-éiríonn na ceisteanna gránna garbh: abair linn cad é a tharla duit? Cad chuige nach ndeir tú linn? An ag ceilt inteacht atá tú?

Mearbhall atá air. Bhí sé ann; bhí sé as; bhí sé ann arís. Cráite atá sé; eaglach atá sé; míbhuíoch; feargach. Níl faoiseamh le fáil san athshaol, sa lá eile. Cíorann Ó Conghaile an t-ábhar go máistriúil. Tá Lazarus agus a chuid mothúchán romhat. Bíonn trua agat dó; tuigeann tú cúis a imní.

Sa scéal as a n-ainmítear an leabhar, ‘Diabhlaíocht Dé’, samhlaíonn Ó Conghaile éabhlóid dhifrúil an duine. Faigheann Dia greim ar bheirt ápa agus bronnann sé anam ar dheartháir amháin acu ach éalaíonn an dara hápa: “Slog siar an t-anam sin anois agus beidh d’anam féin agat is ag do shliocht an chuid eile de do shaol is den tsíoraíocht fhada ina dhiaidh sin.”

Ach ní bhuíoch atá an t-ápa as a anam ach a mhalairt. Scaradh atá i gceist. Tá ualach i gceist le hanam; ní thig leis maireachtáil i measc na gcrann níos mó; tá sé thíos – ar dhóigh an-fhisiciúil – nó is den talamh feasta é. Níos measa arís, tuigeann sé a chás; tuigeann sé go bhfuil a shaol i ndiaidh athrú as éadan. Caithfidh sé scaradh lena dheartháir agus leis an tsaoirse a bhí aige agus é anois “ag siúl go tromchosach ar thóir foscadh na gcrann ard. Ina dheoraí. Ar thóir a lóistín ar dhromchla dóite míthrócaireach na talún. Sáinnithe ansin i gcroimeasc a cholainne féin. In adhastar a intinne...”

Cuir sin i gcomparáid leis an traidisiún Críostaí, abair. Dó féin a chruthaigh Dia an duine daonna agus is é a bheidh míshuaimhneach go dtí go mbíonn sé i gcuideachta Dé arís. Ach ní Dia a shantaíonn carachtar Uí Chonghaile ach na crainn. Tá cumha i ndiaidh na coille air.

Sin léiriú amháin ar chur chuige an údair – an rud a aithníonn tú, nó a leathaithníonn tú, a chur romhat agus a leagan féin a dhéanamh de ina chanúint féin.

Níl rud ar bith deacair faoina chuid scríbhneoireachta. Is é an bua atá aige – ceann de na buanna – go dtig leis canúint an lae inniu, canúint an uile lae, a lúbadh agus a shaothrú gan stró agus scéalt gáirsiúla págánta paiseanta saolta dalba a chur os comhair an léitheora. Níl na focail doiligh. Is é dúshlán an léitheora deis a thabhairt don scéal tionchar a imirt air agus Ó Conghaile a leanstan ar a chosán cruthaitheach féin. Ní bheidh sin furasta ag gach aon duine nó ní fáidh fear ina dhúchas féin.

Cumann Ó Conghaile miotaseolaíocht agus meitifisic as a shamhlaíocht féin. Ortha dá chuid féin atá i ngach aon phíosa; iarrachta ealaíonta le taisteal siar go tús ama chun ceist a chur faoi cheisteanna beatha agus báis. B’fhéidir go n-aithneodh an léitheoir rian scéil as miotaseolaíocht na gCeilteach nó na Romhánach nó mír as scéalta eile níos faide i gcéin. Tá go maith. Ach ní gá go n-aithneodh. Níl an t-údar ag iarraidh a chuid eolais féin a léiriú; ní bheidh sé ag tabhairt marcanna sa bhreis duit as tionchar na gcultúr domhanda a aithint. Síscéalta agus fáidhscéalta atá anseo. Ní léamh amháin atá i gceist ach géilleadh agus cluas le héisteacht a thabhairt do dhiabhlaíocht Dé agus do dhiagacht dhiabhalta.

Sliocht as léirmheas ar 'Diabhlaíocht Dé', Proinsias Ó Drisceoil, Feasta, Eanáir 2017

Dhá théacs déag atá sa chnuasach seo ó pheann duine de na húdair ghearrscéalta is iomráití i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Ach ní gearrscéalta mar a shamhlaítear an fhoirm literatha sin de ghnáth atá anseo ach seanmhiotais nua-cheaptha, téacsanna ina bhféachtar le cur le líon na miotas lenar phléigh ciníocha agus reiligiúin ó thosach aimsire le bunús an domhain agus teacht an chine dhaonna. Tá sé le tuiscint sa chnuasach nach bhfuil i leagan na Críostaíochta de bhunús an domhain, agus i scéal bhreith Íosa, ach miotas bunúis amháin i measc mórán eile agus nach cruinne é miotas amháin acu sin ná miotas bunúis ar bith eile. I dtuiscint an chnuasaigh, is miotas é gach aon chreideamh a bhfuil dia nó déithe ina lár, de bharr gur tríd an bhfinscéalaíocht a chuireann an duine dia i dtuiscint dó féin, agus gur trí mheán na reacaireachta a mhínítear an rud is dia ann.