CIC Logo

Dialann Dúradáin

By Futa Fata, Máirín Ní Mhárta

Tagairt: 9781906907990  

An chéad leabhar den tsraith nua i nGaeilge de na leabhair Diary of a Wimpy Kid le Jeff Kinney. Is í Máirín Ní Mhárta a d'aistrigh go Gaeilge agus tá sé foilsithe ag Futa Fata. Tá na leabhair seo an-bharrúil agus bainfidh gasúir óga sult agus spraoi as eachtraí Greg Heffley. 

"Beidh mé cáiliúil lá éigin, ach go dtí sin tá mé sáinnithe sa mheánscoil le paca amadáin."

Níl sé éasca bheith óg agus beag agus is maith a thuigeann Greg Haffley an méid sin. Tá seisean caite isteach sa mheánscoil le daltaí atá níos airde, níos scanrúla agus níos fiáine ná é féin. Tá cuid acu á mbearradh féin, fiú! 

Ceapann Mama gur cheart do Ghreg dialann a choinneáil agus cur síos a dhéanamh ann ar a shaol. Ach ní aontaíonn Greg léi. Mar a deir sé féin: Ná bí ag súil go mbeidh mé ag scríobh síos mo chuid "mothúchán" anseo. 

 

Praghas: €9.95