CIC Logo

Díchoimisiúnú Teanga: Coimisiún na Gaeltachta 1926

By Cois Life, John Walsh

Tagairt: 9781901176322   

Bliain chinniúnach in Éirinn do shiombail an náisiúnachais ba ea 1926 ar mhórán slite. Shocraigh Éamon de Valera páirtí nua polaitiúil, Fianna Fáil, a bhunú a raibh a léamh féin ar theanga agus ar náisiún aige. Chuaigh Raidió Éireann i mbun craolta agus d’fhoilsigh Coimisiún na Gaeltachta tuarascáil a leag síos, den chéad uair, teorainneacha oifigiúla na Gaeltachta agus a thug léargas nua ar shaol an phobail iontu. Is ar obair an Choimisiúin sin atá an leabhar seo bunaithe, leabhar a thugann léaspairt ar shaol agus ar aigne mhuintir na Gaeltachta. Tá léarscáil lándaite iniata leis an leabhar.

Léachtóir in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea John Walsh.

Praghas: €12.00 Praghas Anois: €10.00