CIC Logo

Éagóir

By Cois Life

Tagairt: 9781907494611  

Dúnmharaithe barbartha i ndorchradas na hoíche i bpobal iargúlta i nDúiche Sheoighe, ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo, sa bhliain 1882, a thionscain an scéal seo. Insint líofa léir atá sa leabhar seo ar an eachtra staire úd atá greanta go glé fós i ndaonchuimhne an phobail lenar bhain sí. Baineann croí an scéil le crochadh éagorach agus príosúnú saoil ar dhaoine neamhchiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle. Insint úrnua í seo ar iomlán an scéil le pictiúir stairiúla agus taifid oifigiúla nár foilsíodh cheana i bhfoirm leabhair. 

'Is maith an rud é go bhfuil aird dírithe ar an éagóir seo, agus molaim an iarracht atá ar bun chun neamhchiontacht Mhaolra Seoighe a chruthú agus b'fhéidir a ainm a ghlanadh.' - An tUachtarán, Micheal D. Ó hUigínn, ag ócáid chomórtha i nGaillimh, 15 Nollaig, 2012. 

Bronnadh Duais Oireachtais ar an leabhar seo in 2015. 

Praghas: €15.00