CIC Logo

Filíocht Ghrá na Gaeilge/Love Poems in Irish

By Cois Life, Ciarán Mac Murchaidh

Tagairt: 9781901176865  

Díolaim chuimsitheach a rianaíonn traidisiún na filíochta grá i nGaeilge ón luathaois go dtí an nua-aois. Seo chugainn léargas iontach ar phaisean agus ar neart an ghrá. Pléitear gach gné den ghrá san dánta agus sna hamhráin seo - meidhir an ghrá óig; greann agus suairceas an ghrá; cumha agus croíbhriseadh; dúil agus grá gan fháil; agus an grá iompaithe ina fhuath.

Tá cumhacht mhothálach na bhfilí féin go mór chun cinn agus iad ag céiliúradh chastacht an ghrá. Breacann Ciarán Mac Murchaidh an comhthéacs liteartha inar cumadh na dánta sainiúla seo agus cuireann brí nua i dtéacsanna clasaiceacha do phobal úr. Maisithe go healaíonta ag Anna Nielsen.

Praghas: €20.00 Praghas Anois: €18.00