CIC Logo

Focail le Gaois

By Cois Life, Antain Mac Lochlainn

Tagairt: 9781901176346  

Seoda cainte na n-údar mór, roghnaithe agus curtha in eagar anois: seoda tuisceana, tarcaisne, géarchúise agus grinn le húdar ó gach ré ón tSean-Ghréig go Baile Átha Cliath.

Bhí dhá chuspóir roimh Antain Mac Lochlainn agus é ag gabháil don leabhar seo: díolaim a chur ar fáil do lucht na Gaeilge a bheadh cosúil leis an Oxford Dictionary of Quotations agus léargas a thabhairt ar an éacht aistriúcháin atá déanta ag aistritheoirí Gaeilge ó thús na hathbheochana.

Nathanna gonta ar an mbás, ar an mbeatha, ar ghrá agus ar ghnéas, ar an bpolaitíocht, ar chreideamh agus a lán téamaí eile. Áis riachtanach don iriseoir, don óráidí, don scríbhneoir agus d’aon duine a bhaineann sult as an deisbhéalaí. Tá léargas ann freisin ar an sciar fairsing de litríocht an domhain atá aistrithe go Gaeilge.

“Dá mbeadh gach rud faoi réir an phrionsabail súil ar shúil agus fiacail ar fhiacail, d’fhéadfadh go mbeadh an náisiún dall agus ar easpa fiacal.” Alexander Dubçek

“Dúirt Platón go raibh ceithre páirteanna sa mhealladh, ach ní raibh mealladh Chléapatra i dtaobh leis an méid sin.” Plútarc

“Ba é mo thuairim nach mbíonn na hÉireannaigh beagchainteach ach amháin san achar idir a seacht agus a deich a chlog ar maidin.” Heinrich Böll.

Praghas: €15.00 Praghas Anois: €12.00