CIC Logo

Gonta

By Alex Hijmans, Cois Life

Tagairt: 9781907494291  

Tionscnamh ilteangach scríbhneoireachta é gearrscéalta Gonta a saothraíodh i nGaeilge, in Ollainnis agus i mBéarla. Chruthaigh an t-údar ar dtús iad i mbunteanga amháin díobh sin agus rinne sé na haistriúcháin go dtí an dá theanga eile ina dhiaidh sin.

Foilsíodh cúpla bunscéal Gaeilge san iris Comhar agus bhain 'What's a man without a brother?' (an leagan Béarla de scéal eile) ionad amach ar ghearrliosta an Fish Short Story Prize 2012. Tá sé i gceist ag an údar cuid áirithe de na leaganacha Béarla agus Ollainnise a fhoilsiú amach anseo. Ar ndóigh, tá rian teanga eile go láidir ar na scéalta seo freisin, Portaingéilis Bahia, teanga na gcarachtar.

Praghas: €14.00