CIC Logo

Horrid Henry Dónall Dána Sióg na bhFiacla

By Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781784441470  

Seans gur chuala tú faoin mbuachaill dána sin Horrid Henry. Anois tá sé in am aithne a chur ar Dhónall Dána, mar atá baistithe ar Horrid Henry sa leagan Gaeilge den tsraith cháiliúil le Francesca Simon atá á chur i gcló ag Cló Iar-Chonnacht agus iad maisithe ag Tony Ross.

Tá cúig leabhar ar fáil sa tsraith seo. Cliceáil anseo chun an seit iomláin a cheannacht. 

Foilseoidh Cló Iar-Chonnacht cúig leabhar ón tsraith Horrid Henry i mbliana agus cúig cinn eile an bhliain seo chugainn.  Tá an tsraith aistrithe go Gaeilge bhreá nádúrtha ag ceathrar ban, Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Caitlín Ní Chualáin agus Marion Ní Shúilleabháin. Is cainteoirí Gaeilge ó dhúchas iad uile agus iriseoirí le RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Is é HORRID HENRY : DÓNALL DÁNA Síog na bhFiacal an tríú leabhar sa tsraith, is í Caitlín Ní Chualáin a d’aistrigh go Gaeilge é agus tá cheithre gearrscéal san áireamh ann mar atá i ngach leabhar eile sa tsraith.

Diabhailín ceart é Dónall Dána. Is buachaill é gur aoibheann leis cleasanna gránna, uafásacha a imirt.  Caitheann sé bia thart, sciobann sé rudaí, bíonn sé ag brú, ag soncadh agus ag pinseáil.

Tá ar a laghad fiacal amháin tite ar gach duine i rang Dhónaill Dána – is é sin le rá, gach duine ach amháin Dónall féin. Mura raibh an scéal sách dona, titeann fiacail ar a dheartháir foirfe atá i bhfad níos óige ná é féin. Ní mó ná sásta atá Dónall. Socraíonn sé cleas a imirt ar Shióg na bhFiacla agus féirín a fháil dó féin. 

Praghas: €8.00

Léirmheas

Léirmheas le Aonghus Ó hAlmhain, Gobblefunked.ie. Léigh an bunleagan ag an nasc seo: http://www.gobblefunked.com/donall-dana/

Tá cáil ar an gcarachtar Horrid Henry a chruthaigh Francesca Simon. Buachaill beag a chothaíonn mioscais is achrann pé áit a théann sé. Ainspioraid ainriail.

Tá meitheal bhreá aistritheoirí tugtha le chéile ag Cló Iar Chonnacht, agus tá Gaeilge bhreá créúil curtha ar eachtraí is achrann Dónall Dána curtha ar fáil. Beidh léitheoirí idir óg is sean lag ag gáirí faoi na bobanna a bhuaileann sé.

A dheartháirín Learaí gan-locht is mó a bhíonn thíos lena mhioscais. Ach is minic bob buailte ar féin ag a chéile comhraic Peigí Pusach. Tá friotal iontach ar fáil sa leabhar – srón a phiocfá faochain leis ag Róisín Raicleach an múinteoir rince. Agus nach mbeadh sceon ort roimh Bláthnaid Snáthaid, an t-altra allta? Ní bheadh barúil na ngrást agat cén casadh a bheadh sna heachtraí spleodracha greannmhara seo.

Agus gan amhras na focail is léaráidí Tony Ross ag freagairt go hiontach dá chéile.

Fainic gan craos a dhéanamh sa léamh nó beidh ort fios a chuir ar an Dochtúir Drochúlla de bharr tú bheith lag ag gáire!

Tréaslaím a saothar Máirín Ní Ghadhra, Gormfhlaith Ní Thuairisg, Caitlín Ní Chualáin agus Marion Ní Shúilleabháin.

Agus le Cló Iar Chonnacht a bhailigh meitheal chomh cumasach. Shamhlóinn gur mó racht gáire a chraith iad agus na hainmneacha á roghnú agus an chaint á mhúnlú.