CIC Logo

Éirí Amach 1798 in Éirinn

By Gearóid Ó Tuathaigh, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 1902420020  

Is éard atá sa bhailiúchán nua seo sraith léachtaí a craoladh ar Raidió na Gaeltachta sa bhliain 1998 agus í i bhfoirm leabhair. Éirí amach cáiliúil 1798 atá idir chamáin ag na húdair seo ar scoláirí agus staraithe aitheanta gach aon duine acu:

Mícheál Mac Craith: Foinsí an radacachais in Éirinn
Breandán Ó Buachalla: An cúlra idé-eolaíoch
Thomas Bartlett: Éire agus an Fhrainc sna 1790í
Niall Ó Cíosáin: Cumainn rúnda agus seicteachas
Dáire Keogh: ‘Bithiúnaigh iad uilig’: sagairt agus easpaig i 1798
Brian Ó Cléirigh: 1798 i Loch Garman
Nollaig Ó Gadhra: 1798 i gcúige Uladh
Síle Uí Mhaoluaidh: 1798 i gConnachta
Liam de Paor: Oidhreacht 1798
Ríonach Uí Ógáin: Béaloideas 1798 thiar
Gearóid Ó Tuathaigh: Cuimhneacháin agus cuimhní cinn

Mar chuid de shraith léachtaí Raidió na Gaeltachta craoladh clár raidió faoi oidhreacht cheoil agus amhránaíochta 1798, arna chur i láthair ag Máirtín Ó Fátharta. Tá an clár breá raidió sin i riocht dlúthdhiosca anseo agusé iniata leis an mbailiúchán. Coinníonn na Chieftains, Aisling agus Luisne Ní Neachtain, Róisín Nic Dhonncha, Áine Ní Cheallaigh, Peadar Ó Ceannabháin agus a gcairde ceol binn linn a ardóidh croí an lucht éisteachta.

 

Praghas: €8.90