CIC Logo

Litríocht agus Pobal: Aistí

By Gearóid Denvir, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 190242090  

Ainmnithe do Dhuais Litríochta The Irish Times 1999

Tá Gearóid Denvir ar dhuine de na criticeoirí is bisiúla dá bhfuil ag saothrú sa Ghaeilge le fiche bliain anuas agus aitheantas dá réir faighte aige i gcomórtais éagsúla liteartha. Is é atá sa chnuasach seo rogha de na haistí liteartha atá scríofa aige sa tréimhse sin agus a foilsíodh in irisí éagsúla. Tá aistí ann ar údair aonair ó Phádraic ÓConaire go dtí Pádraig ÓCíobháin, agus ó Sheán Ó Ríordáin go dtí filí ghlúin Innti agus file pobail Chonamara, Johnny Chóil Mhaidhc ÓCoisdealbha. Ina theannta sin tá aistí ann ar fhilíocht bhéal beo na Gaeltachta, ar cheist na teanga féin agus ar ghné thraidisiúnta an ghutha phobail i litríocht na Gaeilge. Ainneoin réimse leathan údar agus ábhar a bheith á bplé sna haistí éagsúla tá aontacht shoiléir ag sníomh tríd an gcnuasach.

 

Praghas: €16.00