CIC Logo

Mairfidh na Filí Má Mhaireann Ár gCuimhne

By Conall Ó Domhnaill, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 1902420098  


Is as Rinn na Feirste i dTír Chonaill do Chonall ó dhúchas. Chaith sé blianta fada ag obair le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus tá baint mhór aige le hOireachtas Náisiúnta na Gaeilge ó bhí sé ina fhear óg.

Tá cáil air mar scothamhránaí agus seo cnuasach d’amhráin a chum sé i gcuimhne ar dhaoine, ar ócáidí nó faoi ghnéithe éagsúla de shaol na Gaeltachta, chomh maith lena chuimhní cinn faoi stair na nGaeltachtaí ar chaith sé seal iontu.

 

Praghas: €5.00