CIC Logo

Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta

By Máirtín Ó Cadhain, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781784441043  

Níl aon amhras ach gurbh é Máirtín Ó Cadhain mórscríbhneoir Gaeilge na linne seo. Mar scríbhneoir, mar mhúinteoir agus mar agóidí d’fhág sé a mharc go soiléir agus go dána ar an saol. Tiomsaithe faoi chlúdaigh an leabhair seo tá cúig cinn déag de na gearrscéalta is fearr uaidh.

Ó scéalta tuaithe Chonamara mar atá léirithe in An Braon Broghach agus Cois Caoláire go scéalta cathrach An tSraith ar Lár agus An tSraith dhá Tógáil, éiríonn leis an gCadhnach an daonnacht choiteann is dlúth agus d’inneach dá charachtair uile a chur i leith go teann, fórsúil, liriciúil, ealaíonta.

Agus má tá dua féin ag baint le cuid de na scéalta seo a léamh, téann siad chun tairbhe do dhuine ar bith a thabharfaidh fúthu. Mar a dúradh san úrscéal is cáiliúla dá chuid, Cré na Cille: ‘Éistear le mo ghlór! Caithfear éisteacht . . .’ Is fiú éisteacht leis go fóill.
 

 

Praghas: €15.00

Léirmheas

Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta Louis de Paor (ed)BOOKS IRELAND, January/February 2015

Mar scríbhneoir, mar mhúinteoir agus mar agóidí d’fhág Máirtín Ó Cadhain a mharc go soiléir agus go dána ar an saol.

Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta, léirmheas le Síle Ní Mhurchú, FEASTA, Lúnasa 2016

SSliocht anseo as léirmheas le Síle Ní Mhurchú a foilsíodh den chéaduair san iris FEASTA. www.feasta.ie

I I gcás an Chadhnaigh, sílim go bhfuil an fhoclaíocht fite fuaite isteach ina fhís ealaíonta, mar atá i gcás mórscríbhneoirí eile leis, Marcel Proust sa bhFraincis nó David Foster Wallace sa Bhéarla, cuir i gcás. Tá an scéal níos casta fós do scríbhneoir atá ag saothrú i dteanga ná labhraítear go forleathan, mar a áitíonn Pádraig Ó Cíobháin a mhaíonn gurb í an teanga féin 'a laoch' agus 'gurb í an teanga an laoch i litríocht na mionteangan i gcónaí' (9): tá sé sin i gceist go láidir i saothar an Chadhnaigh agus ní fiú a bheith á cháineadh as an dtaitneamh a thug sé d'fhocail. Níl le déanamh anseo agam ach a mholadh do léitheoirí Feasta gur fiú go mór dóibh tamaillín a chaitheamh ag léamh nó ag athléamh na ngearrscéalta breátha seo ó pheann Mháirtín laochta Uí Chadhain!