CIC Logo

Róbó-Mhadra

By Leabhar Breac, Máire Ní Ghallchobhair

Tagairt: 9780898332926  

Tá peata madra ag Jeaic. Lúlú an t-ainm atá uirthi. Bíonn Lulú de shíor ag iarraidh a bheith istigh sa teach, agus bíonn Mamaí de shíor á ruaigeadh amach. Mura bhfuil sé sin sách dona, is eolaí beag é Jeaic. Is breá leis a bheith ag meascadh ceimicí agus ag déanamh meaisíní. Tá Mamaí bhocht trína chéile acu!

Deir na Gardaí go bhfuil robálaí sa cheantar. Tá Daidí agus Mamaí ag iarraidh fáil réidh le Lúlú, agus madra faire a cheannach ina háit. Ach tá plean níos fearr ag Jeaic. Déanfaidh sé róbat mór a bhéarfaidh ar an robálaí. Ach níl Mamaí agus Daidí róchinnte faoi sin!

"Is leabhar éadrom taitneamhach é Róbó-Mhadra sa tsraith ‘Jeaic agus Lúlú’ a chuirfidh lúcháir ar pháistí óga. Baineann an scéal le Jeaic agus a mhadra Lúlú, madra nach bhfuil fíochmhar go leor chun bheith ina mhadra cosanta dar le hathair Jeaic. In am an ghátair agus gadaí sa chomharsanacht, ní mór do Jeaic an fhadhb a réiteach. Úsáideann sé a shamhlaíocht chun an madra cosanta is fearr a chruthú, Róbó-Mhadra! Ach sa deireadh a thuigtear gurb é Lúlú fíorlaoch na hócáide!' — Childrens' Books Ireland

Praghas: €7.50