CIC Logo

Scéal Naomh Pádraig

By Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781781998830  

Fuadaíodh Pádraig agus é ina bhuachaill óg agus díoladh ina sclábhaí in Éirinn e. Chaith sé blianta ainnise i bhfad óna mhuintir agus óna chairde. Conas nach mbeadh fuath aige do mhuintir na hÉireann? Ach, cé gur éalaigh sé, mealladh ar ais é chun dúshlán an Ardrí agus a chuid laochra agus draoithe cumhachtacha a thabhairt. Throid siad ina choinne ag baint úsáide as na cumhachtaí draíochta go léir a bhí acu. Fuair Pádraig an lámh in uachtar orthu... rud a d'atharaigh an saol mar a bhí ó bhonn. 

Cuireann an tsraith Cnuasach an Iora Rua beocht as an nua i seanscéalta na Gaeilge - bainfidh páisti an-taitneamh as na leabhair seo - Stephen Myler, RTÉ Guide. 

Sraith do léitheoirí óga a chuireann cuid de na scéalta is sine dá bhfuil againn i láthair ar bhealach bríomhar agus siamsúil. - Robert Dunbar. 

Praghas: €4.90