CIC Logo

An Seachtar Stuama: Déanaigí Deifir a Sheachtair

By Enid Blyton, Marion Ní Shúilleabháin, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781784441579  

Aistriúchán go Gaeilge den tsraith The Secret Seven le hEnid Blyton. Tá sé leabhar sa tsraith The Secret Seven : An Seachtar Stuama foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht agus iad scríofa i nGaeilge bhreá nádúrtha ag meitheal aistritheoirí.

 

Is iad an deartháir agus deirfiúr Peadar agus Sinéad, agus a gcairde Jeaic, Cóil, Gearóid, Neansaí agus Bairbre an Seachtar Stuama (The Secret Seven). Le chéile is iad an Seachtar Stuama agus iad faoi réir chun mistéirí a réiteach, ag am ar bith in áit ar bith.

 

Sa leabhar seo, Déanaigí Deifir, a Sheachtair! déanann fear ar bhain timpiste dhó iarracht teachtaireacht thábhachtach a thabhairt do lucht a tharrthála – mo léan, níl aon duine in ann meabhair a bhaint as ach an Seachtar Stuama. Agus tá tubaiste ar na bacáin mura n-éireoidh leo! Is í Marion Ní Shúilleabháin a d’aistrigh an leabhar seo go Gaeilge.

Praghas: €7.00 Praghas Anois: €5.00