CIC Logo

Séadna closleabhar

By An tAthair Peadar Ua Laoghaire, Cois Life

Tagairt: 97819074942222  

Ceann de bhunchlocha próis na Nua-Ghaeilge é Séadna leis an Athair Peadar Ua Laoghaire. Is é an leagan coimrithe is mó ar fad atá léite ag an bpobal coitianta mar leabha scoile tráth, agus gean ag na glúnta ar scéal an ghréasaí bróg a dheineann margadh leis an bhFear Dubh.

Cuirtear an leagan iomlán de Séadna i láthair sa chlosleabhar seo, agus é áléamh ag Maighréad Uí Lionáird ó Ghaeltacht Mhúscraí. Is ionann an leagan seo agus an t-eagrán nua den scéal atá cóirithe ag an Ollamh LIam Mac Mathúna agus atá á fhoilsiú mar leabhar ag Cois Life comhuain leis an gclosleabhar.

Tá réamhrá cuimsitheach faoin soathar féin agus aiste bheathaisnéise ar an Athair Peadar ag an Ollamh Mac Mathúna sa leabhrán leis an gclosleabhar.

Saothar suntasach ann féin é an closleabhar, ar 8 CD agus bean i mbun na hinsinte. Cuireann sé iachall orainn athbhreithniú ó bhonn a dhéanamh ar Séadna.

Go deimhin, tugann an closleabhar ar ais sinn go dtí ceann de bhuncháilíochtaí na léitheoireacht Gaeilge riamh - an chluas le héisteacht.

***

 

Praghas: €24.00