CIC Logo

Seal i Neipeal

By Cathal Ó Searcaigh, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 1902420608  


Is fada muid ag fanacht ar chéad mhórshaothar próis seo Chathal Uí Shearcaigh. Cur síos atá ann ar a chuid taistil i Neipeal, agus léirítear ann an gean atá aige ar an tír agus ar a phobal.

Cuirtear tús leis an leabhar in Kathmandu, an phríomhchathair, agus tá cur síos dathannach, fileata déanta ag an Searcach uirthi agus is iomaí scéal saoithiúil atá aige dúinn faoin gcathair chéanna.
Fágann Gúrú na gCnoc an chathair ina dhiaidh ansin agus téann sé ar aistear fisiciúil agus ar aistear spioradálta trí gharbhchríocha Neipeal. Bíonn idir ghreann agus ghaois i ndán dó ar an turas. Tugtar le fios dó, mar shampla, nach maith an sloinne atá air, mar go gciallaíonn sé gur d'ísealaicme na ngréasaithe é!

Is tarraingteach an leabhar é seo, leis, le grianghraif áille agus dánta.

Léigh sliocht as an leabhar

Praghas: €20.00