CIC Logo

Sionnach ar mo Dhuán

By Breandán Ó hEithir, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 0862890632  |  Alt: 9780862890636

"Ná lig do dhuine ná do dhaoine crobhnasc a chur ort de do bhuíochas...agus ná lig don bhideach de thír seo é a dhéanamh leat ach oiread." - Comhairle Larry do Mháirtin Ó Méalóid ag deireadh Lig Sinn i gCathú, an chéad úrscéal le Breandán Ó hEithir.

D'fhéadfaí an comhairle chéanna a chur ar Phiaras Mac Con Mí nuair a tharraingeann sé anáil ag deireadh an Odyssey iontach seo, ar a bhealach as Ifreann - má tá. Ach ní i dTír na nIontais atáimid anseo. Tá an t-úrscéal seo greannmhar agus uafásach; agus ina stíl ealaíonta próis, idir chomhrá agus scéalaíocht, chomh dea-scríofa sin gur féidir éa léamh idir shuí agus éirí. Ach ná déan. Ní rómhinic a thagann an Nollaig chuig pobal léitheoireachta na Gaeilge i bhfoirm úrscéal dá leithéid seo.

Praghas: €20.00