CIC Logo

Í Siúd

By Siobhán Ní Shúilleabháin, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 1902420039  

Is minic léitheoirí Gaeilge ag cáiseamh easnamh na leabhar soléite dea-scríofa a léifí gan dua. Is leabhar den chineál sin é Í Siúd agus ba chóir go mbainfeadh an-chuid léitheoirí taitneamh agus pléisiúr as.
- Máirín Nic Eoin

Léiriú ar an teannas idir an seandearcadh dúchasach agus an meon nua-aoiseach, nua-aimseartha, comhaimseartha; an tuiscint nua-aoiseach á sealbhúag an bpobal scaití, scaití eile an pobal ag seasamh ina haghaidh. Léiriúar shaol dheireadh an fichiú haois mar a fheictear do Shiobhán Ní Shúilleabháin é atá sa chnuasach seo, ar an saol laethúil, ar mheon an duine, agus ar an dóigh a bhfuil na hathruithe móra atá ag titim amach sa tsochaí inniu ag dul i bhfeidhm ar an meon sin.

 

Praghas: €10.00 Praghas Anois: €8.00