CIC Logo

Twisted Truths: Stories from the Irish

By Brian Ó Conchubhair, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: 9781905560714  

Tugann an cnuasach seo cuid den scríbhneoireacht Ghaeilge is fearr agus is nuálaí le tríocha bliain le chéile faoi chlúdach amháin. Aistriúcháin go Béarla ar rogha gearrscéalta ón Ghaeilge atá ann a thugann blaiseadh d'éagsúlacht na scríbhneoireachta comhaimsearthaí na Gaeilge don léitheoir. Cuireann réamhrá leis an scríbhneoir buacach, Colm Tóibín tús leis an mbailiúcháin agus leagann sé síos comhthéacs don scríbhneoireacht seo don léitheoir.

Is é Brian Ó Conchubhair, Ollamh Cúnta i Roinn Theanga & Litríocht na Gaeilge, Ollscoil Notre Dame, a roghnaigh na scéalta agus cuireann sé comhthéacs leo sa réamhrá atá scríofa aige don chnuasach.

Sain-rogha chúramach ar dhá scéal fhichead scríofa ag trí údar déag í an chnuasach seo. Gheobhfar iliomad éagsúlachtaí idir na scéalta seo, cuid acu greannmhar, cuid eile acu imeallach, ach léiríonn siad uile ficsean léargasach. Is í an chéad chnuasach a thugann léiriú iomlánach ar an réimse nuálaíochta atá le fáil i scríbhneoireacht chomhaimseartha in Éirinn.

Ar na scríbhneoirí sa chnuasach seo tá: Micheál Ó Conghaile, Angela Bourke, Deirdre Brennan, Fionntán de Brún, Séamas Mac Annaidh, Seán Mac Mathúna, Eilís Ní Dhuibhne, Dara Ó Conaola, Daithí Ó Muirí, Mícheál Ó Ruairc, Gabriel Rosenstock, Daithí Sproule, Alan Titley . . .

Léigh sliocht as an leabhar

Praghas: €18.00 Praghas Anois: €9.00