CIC Logo

Áine Durkin (Mise Áine)

Áine Durkin (Mise Áine)

As Conamara ó dhúchas, tá Áine Durkin ina cónaí i mBun Chranncha, Inis Eoghain, Co. Dhún na nGall ó bhí 1980 ann.  Scríobhann sí filíocht agus amhráin, agus is blagálaí í.  

Bhuaigh a céad chnuasach filíochta Mise Áine: An Bhean Istigh an chéad duais i gComórtas na Scríbhneoirí Úra 2017 de chuid Oireachtas na Gaeilge. Bhuaigh sí duais liteartha ag Oireachtas na Samhna 2010 dá blag, Mise Áine (@MiseAine). Bhuaigh a hamhrán ‘Le Do Thaobh’ an Comórtas Amhrán Náisiúnta ag an bhFéile Phan Cheilteach i 2013; agus bhuaigh ‘Féile na Nollag’ comórtas amhránaíochta a d’eagraigh Ros na Rún/Raidió na Gaeltachta.  

Bhí dánta léi in An Gael, Windows Publications, Foinse, North West Words, agus ar RTÉ, Raidió na Gaeltachta. Craoladh a dán, ‘Ciara na Gruaige Rua’, ar an gclár Ciara na Gruaige Rua ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, clár a bhuaigh bonn airgid idirnáisiúnta ag an New York Festival’s International Radio Broadcasting Awards 2008.  Foilsíodh ailt léi in irisí agus i nuachtáin éagsúla.

Táirgí Mór-éilimh Áine Durkin (Mise Áine)