CIC Logo

Aingeal Ní Chualáin

Aingeal Ní Chualáin

Is as Carna í Aingeal Ní Chualáin. Chuaigh sí le gairm na múinteoireachta tar éis di céim sa Ghaeilge agus sa Bhéarla a bhaint amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. D’fhill sí ar an gcoláiste i 2006 chun máistreacht a dhéanamh. Mar thoradh ar a cuid taighde ar shaol agus shaothar Thomáis Bhairéid, rinne sí eagarthóireacht ar a chuid gearrscéalta a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht i 2010 faoin teideal Tomás Bairéad: Rogha Scéalta. Tá roinnt filíochta scríofa aici. Faoi láthair tá sí ag déanamh clár PhD sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Táirgí Mór-éilimh Aingeal Ní Chualáin