CIC Logo

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire ildánach é Alan Titley a bhfuil idir úrscéalta, ghearrscéalta, dhrámaí, chritic léannta agus go fiú is filíocht foilsithe aige.  Go dtí seo tá a chuid saothair aistrithe go teangacha éagsúla, Albáinis, Béarla, Cróitis, Iodáilis, Romáinis, Rúisis agus Fraincis ina measc.  Cuireann sé cláracha raidió agus teilifíse i láthair go rialta ar ghnéithe éagsúla de litríocht na Gaeilge agus na hÉireann.  Chaith sé breis agus cúig bliana fichead mar Cheann Roinn na Gaeilge i gColáiste Phádraig agus tá sé anois ina Ollamh le Gaeilge gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Aistritheoir ar an leagan Béarla den leabhar Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain a d'fhoilsigh Yale University Press mar Cré na Cille / The Dirty Dust  i gcomhar le Cló Iar-Chonnacht sa mbliain 2015.

 

 

Táirgí Mór-éilimh Alan Titley