CIC Logo

Cló Iar-Chonnacht

Cló Iar-Chonnacht

Foilsíonn Cló Iar-Chonnacht leabhair i nGaeilge agus ceol Gaelach. Díolann muid réimse leathain leabhair agus albaim ar ár suíomh idirlín agus ón siopa leabhar i gConamara. Bunaíodh Cló Iar-Chonnacht (CIC) i 1985, agus ó shin i leith tá os cionn 150 albam ceoil curtha amach againn, agus suas le 300 leabhar. Táimid ar cheann de na comhlachtaí foilsitheoireachta is bisiúla sa tír, agus ar an chomhlacht phríobháideach foilsitheoireachta Gaeilge is mó, le cúigear fostaithe go lánaimseartha inár n-oifigí in Indreabhán, Conamara.

Is mar choimirceoir, mar phatrún agus mar chaomhnóir ar chultúr na Gaeilge agus na Gaeltachta a fheidhmíonn CIC. Tuigeann muid an mhórthábhacht a bhaineann le caomhnú an tsaibhris chultúir seo, agus is é an aidhm atá againn spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do cheoltóirí agus do scríbhneoirí agus ardán náisiúnta a thabhairt dá nguthanna.

Táirgí Mór-éilimh Cló Iar-Chonnacht