CIC Logo

Joe Steve Ó Neachtain

Joe Steve Ó Neachtain

Ar an gCré Dhubh sa Spidéal a rugadh Joe Steve Ó Neachtain sa bhliain 1942. Thosaigh sé ag scríobh sa bhliain 1969 agus tá sé ag scríobh ó shin i leith. Tá idir dhrámaí, úrscéalta, ghearrscéalta, fhilíocht, sceitseanna, amhráin agus agallaimh bheirte scríofa aige.

Bronnadh Gradam Jacobs ar shraith drámaí dá chuid, Baile an Droichid, a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó 1985 go 1995, agus bronnadh Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnacht ar an leabhar gearrscéalta Clochmhóin (1998) agus ar an úrscéal Lámh Láidir (2001). Bíonn sé le feiceáil ag aisteoireacht sa sobaldráma Ros na Rún ar TG4. Tá sé pósta le Máirín agus tá triúr clainne orthu.

Táirgí Mór-éilimh Joe Steve Ó Neachtain