CIC Logo

Rónán Mac Con Iomaire

Tá Rónán Mac Con Iomaire ag plé le cúrsaí meán cumarsáide le breis agus cúig bliana déag. Thosaigh sé i mbun oibre le Nuacht TnaG nuair a chuaigh an stáisiún ar an aer den chéad uair i 1996, tar éis dó seal a chaitheamh le Independent Newspapers roimhe sin. Tá sé ina LeasCheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

I 1998, d’fhág sé cúrsaí teilifíse chun dul ar ais i mbun iriseoireachta scríofa le Independent Newspapers, agus chun feidhmiú ag an am céanna mar eagarthóir ar shuíomh idirlín de chuid eircom, Cumasc. Chaith sé seal freisin mar chomhfhreagraí Bhaile Átha Cliath don nuachtán Foinse.  Le linn na tréimhse céanna sin, bhí sé ag soláthar ábhar ar bhonn saoririseoireachta do leithéidí an Irish Times, Magill, an BBC agus go leor meán eile.

Sa bhliain 2000, bhunaigh sé an comhlacht margaíochta agus poiblíochta, meas media, a d’fhreastail go príomha ar earnálacha na Gaeilge, an idirlín agus na turasóireachta. Sa bhliain 2002, d’fhill Rónán ar Nuacht TG4, áit ar ghnóthaigh sé Gradam an Oireachtais agus an National Media Award as a chuid iriseoireachta.  Bhain sé clú náisiúnta agus idirnáisiúnta amach in 2006, nuair a bhris sé scéal faoi fhreastal a rinneadh ar dhinnéar bailiúchán airgid don iar-Thaoiseach, Bertie Ahern, i Manchain Shasana.  Rinne an Taoiseach tagairt dó agus don scéal sa Dáil.  Ceapadh Rónán mar Chomhfhreagraí Rialtas Áitiúil le Nuacht RTE/TG4 in 2007.

Taobh amuigh de chúrsaí oibre, tá sé gníomhach i gcúrsaí luthchleasaíochta, agus is é duine de bhunaitheoirí TríSpórt é, ceann de na clubanna tríatlain is láidre in Éirinn. D’fhreastal Rónán ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit a ndearna sé B.A. san Iriseoireacht, agus áit ar chaith sé seal mar eagarthóir ar nuachtán na hollscoile.

Tá cónaí ar Rónán ar an gCeathrú Rua i gContae na Gaillimhe, áit a bhfuil sé pósta agus beirt chlainne air.

Táirgí Mór-éilimh Rónán Mac Con Iomaire