CIC Logo

Seán Ó hÉanaigh

Seán Ó hÉanaigh

Tá Seán ag cumadh amhrán agus ag gabháil fhoinn ó bhí sé óg. Bhí sé ina bhall den ghrúpa Roudledum, a bhíodh ag casadh ar fud an iarthair sna 80í. I 1990, bhunaigh sé an grúpa Éinniú, agus sa bhliain 1992 d’eisigh siad albam ar lipéad Chló Iar-Chonnacht (CIC). Amhráin a chum Seán, den chuid is mó, a bhí le cloisteáil ar an albam sin, cuid acu a bhfuil an-tóir orthu go fóill, an t-amhrán Conamara ina measc. Is é The Tides that Bind / Fánaíocht an chéad albam aige ó shin.

Chomh maith le bheith ina cheoltóir, tá aithne go forleathan ar Sheán mar chraoltóir, agus tá sé ina Eagarthóir Stiúrtha Clár i RTÉ Raidió na Gaeltachta. Cuireann sé an clár Sruth na Maoile i láthair lena chomh-bhádóir Mairi Anna Nic Ualraig. Scoth an cheoil ó thraidisiúin na hÉireann agus na hAlban a bhíonn le cloisteáil ar an gclár, atá ag ceiliúradh fiche bliain ar an aer i mbliana. Go deimhin, ba in Albain a taifeadadh an t-albam seo, in Ardgour. Tá Mairi Anna le cloisteáil air, chomh maith leis na ceoltóirí Allan Henderson, Blair Douglas, Findlay Napier, Chaz Stewart agus Signy Jacobsdottir, ceoltóirí atá luaite le bannaí ar nós Blazing Fiddles, Runrig, Cliar agus Capercaillie. 

Táirgí Mór-éilimh Seán Ó hÉanaigh