CIC Logo

Beatha Dhónaill Dhuibh

By Cló Iar-Chonnacht

Reference: 9781784441425  

In this, his first poetry collection, Séamus Barra Ó Súilleabháin lets loose his fury. The three faces of Dónall Dubh, the superhero, the everyday hero, the anti-hero of this collection. Through the many lives and personalities of Dónall Dubh the poet squares up to the big questions and the little questions of modern life as he examines the old and the new, youth and old-age, living and dying. Read on, or over, or under as you choose. 

Price: €10.00

Product Reviews

Séamus Barra Ó Súilleabháin, Rap-poet as Gaeilge, Review by Seaghan Mac an tSionnaigh, The Irish Times, Tuesday, 17 Jan, 2017

Foilsíodh an léirmheas seo den chéaduair san Irish Times, Dé Máirt, 17 Eanáir, 2017. www.irishtimes.com

Léirmheastóir Seaghan Mac an tSionnaigh

Séamus Barra Ó Súilleabháin, 2011/2012 victor of the All-Ireland Poetry Slam, is an Irish language rap poet based in Listowel, Co Kerry. He is a regular performer of his work on various stages and with the help of varied media. He has previously published in The Willow’s Whisper: A Transatlantic Compilation of Poetry from Ireland and Native America and in Iris Comhar.
Beatha Dhónaill Dhuibh might be the first of many volumes to come from young Ó Súilleabháin, but its title happens to be one which knowingly nods to a hagiographical tradition which has accompanied Irish history through most of two millennia. It is a tradition that Ó Súilleabháin has boldly innovated upon. Instead of conforming, for example, to the medium of Hisperic Latin as in such canons of Irish biography as Vita Sancti Patricii, Vita Columbae or Vita Sanctae Brigidae, he has chosen to write Beatha Dhónaill Dhuibh in his own brand of mellifluous Munster Irish, without ever neglecting other Irish languages such as Jailic, Hiberno-English and even Polish, once or twice. And of course, the Irish word beatha, figuring in the title, is a cognate cousin of Latin vita. Quite a claim is made for Hiberno-English of which the Limerick variety is said in a poem entitled Fóineolaíocht to be more Gaelic than any form of prescriptive college society Gaeilge could ever aspire to be. The following specimen of Gaelic English is from Ó Súilleabháin’s native Listowel via a composition entitled Cuimhne ar Shean-Dhónall wherein the poet explores an instance of the evasion of fees “owed” to a foreign church: “Right boys, when I was a garsún, I usht have a dacent seait. I’m 83 years of age now an don’t tink I’ve failed much. SO if ye two graoisíns aren’t out of dis yard in 2 minutes, I’ll pump yere holes with LEAD.”

Ó Súilleabháin arrests his readers’ attention by addressing them directly from the opening line of the collection, eschewing the formality of a scholarly introduction which would in fairness befit a poetic work of such quality. The themes covered include some of the old favourites – priests, hunger, unemployment, emigration, alcohol abuse and illicit love interests. There are also some newer avenues of discussion – dark matter, drug use, space exploration and internet culture. The thematic diversity matches the postmodernist plurality of voices to be discovered, and it is a feature of the collection that recalls Mairtín Ó Cadhain’s novel Cré na Cille or, as Alan Titley’s recent translation would have it, The Dirty Dust. Cré na Cille is of course a novel, and so, to speak of literary genre, Beatha Dhónaill Dhuibh as a collection includes poems ranging from traditional metre to free verse, and from short story form to a foray even into the niche of Gaelic rap with a composition entitled Ar Theacht na Samhna, which was aptly performed last Halloween live on TG4 during the course of an occasion which marked the first utterance of the phrase “motherf*cking” broadcast on that station. The collection takes it leave with a series of Gaelic haikus entitled Gunsaku Tuathail.

Review by Eoin P. Ó Murchú on Nos.ie. This is an excerpt from the review. Read the original review at the following address: http://nos.ie/cultur/leabhair/beidh-tracht-feasta-ar-dhanta-seo-na-duibhe/

Tá ábhar, cur chuige agus stíl Sheamúis Barra chomh suaithinseach sin go mbeidh trácht feasta ar dhánta seo na duibhe. Tá na dánta seo, nó leaganacha acu, ar gor ann le tamall de bhlianta anois.

Tá trí chuid sa leabhar: ‘Beatha Dhónaill Dhuibh’, ‘Loitríocht’ agus ‘Gunsaku Tuathail’. Cuid áirithe de na dánta táid cloiste acu sin a bhí i láthair ag ócáidí filíochta. Díríonn ‘Beatha Dhónaill Dhuibh’ ar charachtar aduain, ‘Loitríocht’ ar dhánta a scríobhadh roimhe sin agus sraith haiku-anna é ‘Gunsaku Tuathail’.
Tugtar ainmneacha éagsúla ar dhánta SBÓS: slamfhilíocht, rachtfhilíocht nó rap féin ach tá cuid acu sách traidisiúnta leis. Cé go samhlaítear stíl SBÓS leis an lá inniu amháin, ar bhealach tá sé ag filleadh ar dhúchas na filíochta nuair a scríobhann sé don chluais. Ní leasc leis an t-athscríobh ach oiread, tá dréachtaí iomadúla cloiste de na dánta seo agus iad á reic.

Is fearrde iad dá bhrí sin cé go bhfágann sé ar uairibh go mbeidh nath éigin a bhain meangadh asat 5 dhréacht ó shin ar lár. Easnamh mór atá air nach bhfeictear is nach gcloistear an cur i láthair, ceann de láidreachtaí SBÓS.
B’fhiú iad a chrochadh ar You Tube nó dlúthdhiosca a chur leis. Maidir le Dónall Dubh an teidil ní léir cé hé. Is SBÓS é anseo is ansiúd, uaireanta eile púca, uaireanta eile fós cineál d’Íosa nó an cara leis é?

Scáil an ghalair dhuibh a leanann timpeall é nó cleas a ligeann dó rudaí a rá nach sleamhnódh as a bhéal riamh nó an uile rud in éineacht?

Deirtear linn:

Agus ná bíodh eagla ar bith ortsa, a thaisce.
Bhí Dónall Dubh ann fadó, Is minic a bhí, Agus beidh.
Go deo.

Mínítear conas mar a tháinig ann don Dónall Dubh céanna agus téimid leis ar chosán a shaoil. Léirítear suáilcí is duáilcí an duine, gan fócas bog an lae inniu orthu, iad ábhar doiléir ach lán le fírinne shearbh.

Tá léiriú in ‘Faoistin’ ar an gcineál saoil lena bpléann dánta Dhónaill.
ar feadh mo shaoil ní raibh uaim ach cneas a bhualadh
línte cóc spíd is máirín am chur siar ó thuaidh
fallaí folmha an tí ar cíos de shíor sna creathaibh le tiúnaibh

Tá ról na teicneolaíochta sa saol iarbhír le feiceáil ar fud an chnuasaigh: ‘an físeán deiridh’ agus ‘Brabhsálaí Dhónaill: Físeáin ag treochtáil’. I dteanga SBÓS tá macallaí seanársa agus crua-chaint an lae inniu le clos.

In ‘Fuadach Fight Club’ feictear an Ghaeilge chlasaiceach agus Tyler Duran in adharca a chéile “tan do dhíbear Dónall deamhan dorcha dá cholainn”.
Tá fealsúnacht ina horlaí tríd.

Go minic is as béal té na meisce a thagann an foilsiú, féach ‘I nGluaisteán ar bharr Chnoc an Fhómhair’.

níl faic na ngrásta
agamsa sa tsaol so
a gharsúin
níl aon teora
le mo
mhaoin …’
bhí an toitín
nach mór dóite
ar a bheolaibh
fén dtráth so
is a dhá shúil
imithe siar
ina phlaosc.

Ceann de na dánta is cumhachtaí ann ná ‘Gaoth Dobhair do Rónán Mac Aodha Bhuí’. Léargas is ea é ar eachtra ina dtagann scaoll ar Dhónall agus é amuigh faoin spéir. Leis sin, nochtaítear rud éigin faoina shaol ann agus ar filleadh dó ar an tigh tábhairne teolaí, slogann Dónall agus guth an dáin a chéile.

Ní fhaca, is baolach,
ach réaltbhuíontaí Leath Choinn
na Saighneáin is súile donna a Mháthar
ag casadh mar thoibreacha gan tóin
tré spéartha gloine a shúl
is do ghluaiseamamar aon scáth isteach
i gcór cibealach
an tábhairne.

Cé go bhfuil sprideanna ann tá an díchreideamh ann go tréan. In ‘Cuimhne ar Shean-Dhónall’ deirtear “Muintir Dé muintir an Diabhail, mar a chéile iad…” In ‘Tairngreacht Dhónaill Dhuibh’ tagtar ar an tuiscint gur “mó go mbaineann an saol / le hadaimhíní ag beiteáil / i gcoinnibh a chéile”.

Cnuasach buile é, cnuasach bogtha a chaitheann súil orthu siúd ar an imeall atá ainrialaithe, agus ar lucht drabhláis, daoine a ndéanann sochaí na ndea-bhéasaí dearmad orthu. Más feoil í tá dúshlán coganta inti, í géar agus milis ag an aon am amháin. Ba dhóigh leat an dán scriostúil ‘Guí’ a bheith an-simplí ach is mó go mór é ná an t-athrá.

Is fearr i bhfad arís é á aithris ina sheanmóir rithimiúil a nglacann an lucht éisteachta páirt ann. In ‘Loitríocht’, sa dán ‘Siamsaíocht’, measctar íomhánna Disneyland agus AK47 lena chéile, meascán a oibríonn go rómhaith ar na saolta seo.

An-dán ar fad is ea ‘An Cultúr’ a bhfuil leaganacha éagsúla cloiste againn cheana. Leis an dán seo bhuaigh SBÓS Comórtas Slamfhilíochta Uile Éireann 2012, a thug plúr d’fhilí Gaeilge agus Béarla na tíre le chéile. Léimeann na híomhánna ó loinneog, nó curfá, an dáin amach ón leathanach ina stealladh beatha.

Ó thaobh foirme tá gach sórt le feiceáil ón tsaorvéarsaíocht go meadarachtaí níos traidisiúnta, nó foirmeacha scaoilte ar fad, ‘éin’ scaipthe ag eitilt ar fud an leathanaigh, rímeáil ann nó as. Uaireanta i gcás chuid de na dánta polaitiúla, amhail ‘G8’, téitear i mbaol na seanmóireachta ach éiríonn leis na dánta eile sin a chúiteamh.

Chomh maith, tá roinnt dánta ar lár, cá bhfuil ‘Ag Éamh ar Imeall an Eastáit’ mar shampla? Mar chnuasach tosaigh ó fhile óg tá an-chuid ar bun san allagar craiceáilte idir chlúdaigh an leabhair. Buaileann sé buillí i ngach ball agus téann trí chraiceann an tsaoil go cnámh go smior is smúsach na beatha mar atá sí againn inniu.

Ceannaigh an cnuasach seo agus léigh na dánta. Cuir de ghlanmheabhair iad agus breac iad ar dhoirse leithreas an tsaoil. Cá bhfios ach go mbeidh Dónall Dubh romhat ag scrábáil lena dhúmharcóir buan.