CIC Logo

Cré na Cille DVD

By Rosg

An scannán Cré na Cille / Cré na Cille the movie.

Tá and DVD seo máistrithe do gach réigiún; Meiriceá Thuaidh, an Eoraip agus gach áit eile!

This DVD has been mastered for all regions; North America, Europe and everywhere else!

Fotheidil/Subtitles:
English, Gaeilge (Gaelic),  Castellano, Français, Deutsch, Chinese

Scéal dorcha, lán le greann agus teanga shaibhir é Cré na Cille faoin ngráin agus gangaid idir beirt dheirfiúr.


Na mairbh san uaigh a dhéanann an insint, iad céasta ag meilt mall aimsire agus ag sciolladh gan staonadh. Is í Caitríona an príomh charachtar, básaithe agus í anois ag tnúth go mór le bás a deirfíre, Nell, go leanfaidh an bheirt acu leis an gcogaidh a bhí acu feadh a saoil.


Tá an scannán bunaithe ar an leabhar clúiteach a scríobh Máirtín Ó Cadhain; príomhshaothar na Gaeilge comhaimseartha.

Na haisteoirí: Bríd Ní Neachtain, Peadar Lamb, Máire Ní Mháille, Mac Dara Ó Fátharta, Joe Steve Ó Neachtain, Diarmuid Mac an Adhastair, Máire Uí Dhroighneáin, Tom Sailí Ó Flaithearta, Peadar Ó Treasaigh, Máirín Uí Neachtain, Darach Ó Dubháin agus Seán Ó Coisdealbha.

 


 

Praghas: €21.98