CIC Logo

Within a Mile of Kilty (MP3)

By Ben Lennon, Maurice Lennon, Charlie Lennon, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: CICD159-MP3  

f the music sounds like it was all recorded yesterday, in a sense it was, for great music both reflects its time and breaks free of it…The Irish music heard on this recording relies on heart, respect, memory, talent, tradition, friendship, family, home town and regional pride, and the sheer, unalloyed joy of playing. What this album does is rare: putting the listener not just within a mile of Kilty, but right beside the chairs of the musicians themselves.
Earle Hitchner

Is sráidbhaile beag é Coillte Clochair i dtuaisceart Liatroma, ar theorainn Liatroma/Fhear Manach. Tá daonra de thart ar 150 duine ina gcónaí sa sráidbhaile beag seo, ach ina ainneoin sin tháinig lán glaice d'fhidléirí tallannacha as an áit le 80 bliain anuas. Bailiúchán atá ar an albam seo, Within a Mile of Kilty, de cheol ó chuid de na fidléirí sin, a taifeadadh thar thréimhse 40 bliain, agus a chuir David Lennon i dtoll a chéile.

Seisear ceoltóirí eisceachtúla iad siúd atá le cluinstin ar an albam seo, ina measc triúr de mhuintir cháiliúil Lennon: Ben, Charlie agus Maurice. Is deartháireacha iad Ben agus Charlie a rugadh agus a tógadh i gCoillte Clochair, agus tá cáil orthu go fairsing i measc lucht an cheoil. Tá albaim taifeadta ag an mbeirt acu, agus tá ardmholadh faighte ag Charlie as a chuid cumadóireachta chomh maith. Is mac le Ben é Maurice, duine de bhunaitheoirí an ghrúpa Stockton's Wing, a bunaíodh i 1977. Is as Doire Uí gConaíle do Shéamus Quinn, agus ba as Coillte Clochair dá athair agus dá sheanathair. Bhí clú ar a sheanathair mar an fidléir ab fhearr sa cheantar lena linn. Rugadh Brian Rooney i ngar do Choillte Clochair, agus ba cheoltóir é a athair freisin - ar an bhfidil agus ar an bhfliúit. Chuaigh sé ar imirce go Londain sna 1940í, mar a mbíodh sé ag seinm ceol Gaelach go díograiseach; is i Londain a thosaigh sé ag seinm leis an ngrúpa Sliabh Luachra. Ba as Caiseal i gCo. Fhear Manach do John Gordon. Bhí aithne go forleathan air mar cheoltóir, agus bhíodh sé le cluinstin go rialta ar an raidió, ar BBC agus ar RTÉ. Ar an drochuair, tá John ar shlí na fírinne ó 2002.

Tá tionlacan ar an albam ó Chiarán Curran ó Altan ar an siotaran, ó Noel O'Grady ó Beginish ar an mbasúcaí, ó Frank Kilkelly ar an ngiotár agus ó Gabriel McArdle ar an gconsairtín.

 

Praghas: €6.99

Traiceanna singile ar fáil

1 The Lonesome Jig-The Tenpenny Bit (€0.99)
2 The Edenderry-The Flowery Fields of Scotland (€0.99)
3 The Dances at Kinvara (€0.99)
4 Morrison's Barndance (€0.99)
5 The Wandering Minstrel-Fasten the Leg in Her-Road to Kesh (€0.99)
6 The Sailor's Cravat-Lady Gordon (€0.99)
7 In Memory of Morrison (Strike the Gay Harp-The Legacy) (€0.99)
8 Lad O'Beirne's Hornpipe (€0.99)
9 Up Sligo-The Hearty Boys of Ballymote (€0.99)
10 Larry Redican's-The Dairy Maid (€0.99)
11 The Lark in the Morning (€0.99)
12 The Enchanted Lady-The Maids of Castlebar (€0.99)
13 The Girl Who Broke My Heart (€0.99)
14 Rooney's Favourites (€0.99)