CIC Logo

Am I Am

By Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: AMH001  

Albam nua-chumtha le Ann Marie Horan. Is óna turas pearsanta spioradálta féin a thagann na hamhráin seo a deir Ann Marie Horan. Tarraingíonn siad óna cuid taiscealaíocht féin i gcúrsaí spioradálta, Seamanacht, Críostíocht, Uilíochas agus ceanna eile - agus í ar thóir na fírinne atá ar chúl an domhain saolta. Deir Ann Marie go bhfuil spéis ar leith aici a theacht ar an an méid atá faoin dromchla - an áit chiúin, síochánta, nach gcuireann eachtraí an tsaoil as dhó. Rinneadh an t-albam i stiúideó Garry Ó Briain sa Bhoireann i gCo. an Chláir, áit atá gar do chroí Ann Marie agus a mheasann sí a bheith lán de dhraíocht spioradálta agus áilleacht fhiáin agus ceann de na háiteanna is ansa léi ar chlár an domhain.

Praghas: €13.00