CIC Logo

An Rithim Réidh

By Mícheál Darby Ó Fátharta

An Rithim Réidh is teideal don albam nua atá taifeadta ag an gceoltóir mileoidin as Conamara, Mícheál Darby Ó Fátharta. Tá bailiúchán blasta ceithre thraic déag ar an dlúthdhiosca seo a léiríonn stíl shainiúil an Fháthartaigh, stíl atá séimh, binn agus nádúrtha agus a thugann tús áite  do cheol an mhileoidin féin. 

Tá rogha leathan de phíosaí ceoil a chuaigh i bhfeidhm ar Mhícheál anuas tríd na blianta le cloisteáil ar an gcnuasach blasta seo, idir phoirt agus ríleanna chomh maith le válsa, rincí sciobóil, cornphíopaí agus fonn mall.  Is ó cheoltóirí cairdín agus bosca a chuala sé formhór na bpíosaí seo an chéad lá riamh agus tá siad greanta ina chuimhne le fada an lá. Go deimhin, is fada muid ag fanacht leis an album seo mar tá sé breis is sé bliana déag ó shin ó d’eisigh Mícheál a albam deireanach, Bosca Bídeach. 

Is i Stiúideo Mhic an Daill sa Daingean Co. Chiarraí a thaifead agus a léirigh Mícheál na traiceanna an samhradh seo caite in éineacht leis an sárghiotáraí, Donogh Hennessey. Ar na ceoltóirí eile atá ag coinneáil ceoil le Mícheál tá Muireann Nic Amhlaoibh ar an bhfeadóg mhór, Trevor Hutchinson ar an olldord agus Dessie Kelleher ar an mbainseó.  Ach oiread lena dhlúthdhiosca deireanach, Bosca Bídeach, tá clúdach álainn a tharraingíonn ar dhúchas Chonamara ar an dlúthdhiosca seo agus is é an t-ealaíontóir Dara McGee a rinne obair ealaíne go speisialta do Mhícheál.  

Praghas: €15.00