CIC Logo

Nuair a théid sé fán chroí (CD)

By Máire Ní Choilm, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: CICD 184  

Aoi-cheoltóirí: Ciarán Ó Maonaigh, Gerry Ó Colm, Breanndán Ó Beaglaoich, Doimnic Mac Giolla Bhríde, Conor Byrne agus Eoghan Mac Giolla Bhríde.

Ag Féile Chnoc Fola, tráthnóna breá te samhraidh i dtrátha lár na nóchaidí, a chonaic agus a chuala mise Máire Ní Choilm den chéad uair. Ním dearmad anois cé a fuair an duais, ach thuig mé san am go raibh guth ar leith aici agus tallann ar leith inti. Mar is minic le daoine óga ag an aois sin, bíonn suim mhór acu sa cheol ar feadh tamaill bhig, ach nuair a éiríonn siad rud beag níos seanaimseartha, caitheann siad uathu an seancheol, ag déanamh nach bhfuil sé fóirsteanach do dhaoine óga. Is minic a chuireas cairde brú orthu lena gcuid magaidh éirí as.

 

Níl a fhios agam cad é mar a bhí an scéal ag Máire ach gur choinnigh sí leis agus í ag gabháil ó neart go neart i rith an ama. Saothraí dícheallach í Máire agus choinnigh sí uirthi ag foghlaim na n-amhrán achan áit a raibh siad le fáil aici. Tá aici anois cruinneagán breá díobh agus seo chugainn iad ar an dlúthdhiosca seo. Cuid acu a chuala muid go minic agus cuid eile atá ag teacht uaithi den chéad uair. Tá stíl dá cuid féin ag an cheoltóir bhreá seo, a thabhaíos an teideal ‘Smólach an Screabáin' di. Binneas dochreidte gutha, soiléireacht focal agus neart ciúin seasmhach a bhéarfadh ar dhuine stad den rud a bheadh sé a dhéanamh agus cluas a thabhairt don cheol.

 

Tá macalla inteacht ina glór a chuirfeadh cumha na cruinne in iúl ar chuid de na nótaí fada brónacha. Ach má tá féin, tá croí agus aigne neamhchoitianta le cluinstin sna hamhráin mheidhreacha. Tá dúchas an cheoil i Máire go smior - aici óna hathair, Gerry, agus leoga óna huncail an tAthair Eoghan Ó Colm, sagart pobail Thoraí idir 1956-61, fear a scríobh ceann de na leabharthaí is mó cáil dá dtáinig as Tír Chonaill sa chéad seo a chuaigh thart, Toraigh na dTonn. Cha raibh iontas do Mháire a theacht in inmhe mar cheoltóir agus an dúchas sin taobh thiar di. Tá cuid de cheol Thoraí anseo aici fosta, ‘Beití Sailí Dan' agus ‘Is deas an buachaill fóinteach mé' - amhráin a fuair sí ó bhanríon na n-amhrán í féin, Teresa Mhic Claifeartaigh, agus ó Éamonn Mac Ruairí, agus a dhó nó a thrí cinn eile.

Tá duaiseanna go leor buaite ag Máire le blianta, agus le cuidiú Dé beidh tuilleadh léi sula raibh sí réidh. Ach cé go dtaitníonn an t-aitheantas a thig le duais léi, ní ar na duaiseanna is mó atá a haird. Tá sí leagtha ar an chuideachta agus ar an chomrádaíocht, ar an ghreann agus ar an mheidhir a bhaineas leis an aos ceoil. Tá na tíolactha sin le cluinstin ar an uile shiolla dá bhfuil ar an cheirnín seo agus seasfaidh sé clú di féin, dá muintir agus dá pobal lá is faide anonn ná inniu. Cuireann sé lúcháir mo chroí orm glúin eile de cheoltóirí ar an sean-nós a fheiceáil ag teacht ar aghaidh agus ag fágáil a loirg chinnte féin ar an dúchas. Deir Martin Hayes, fidléir cáiliúil Echtge, go bhfuil an chuid is fearr den dúchas le teacht go fóill. Ag éisteacht leis an cheirnín seo duit, beidh sé doiligh agat gan aontú leis.


-Lillis Ó Laoire, Samhain 2010

Praghas: €15.01

Léirmheas

Review, David Kidman, Living Tradition Máire Ní Choilm – Nuair a Théid Sé Fán Chroí

Máire, originally from An Screabán, Gaoth Dobhair in Donegal, is now living and working in Dublin as a lecturer in St. Pat’s College in Drumcondra. Máire’s distinctive singing voice and interpretation of songs have won her many awards (including Oireachtas, Comórtas na mBan in 1997 and 2009: the All-Ireland Fleadh, Gaeilge 2005 and the Pan Celtic traditional singing competition in 2008): she’s also performed at Celtic Connections. It’s perhaps surprising to discover, then, that Nuair A Théid Sé Fán Chroí is her first solo CD.

It contains 15 tracks, of which nine are sung unaccompanied by Máire in approved sean-nós style. The disc opens with a well poised account of Tá Mé i Mo Shuí, where Máire displays a naturally commanding sense of line and purpose that complements the strong timbre of her voice and enables an aftertaste that can be suitably bittersweet. This quality also surfaces to good effect on other songs with a comparably reflective flavour, like Nansaí Bhán Nic Giobarlaí (which uses the melody of The Parting Glass). The disc’s key performances are very probably the measured and powerfully committed renditions of Ag An Phobal Dé Domhnaigh and the measured and powerfully committed renditions of Ag An Phobal Dé Domhnaigh and (especially) Nighean an Bhaoigheallaigh and the closing lament Is Deas an Buachaill Fóinteach Mé. Elsewhere, the playful An tSeanbhean Bhocht forms a keen contrast (although I can’t quite get the ‘ball of yarn’ connotation out of my brain...!) as does Beití Sailí Dan. Incidentally, the latter is one of the songs Máire has sourced from Tory Island (where her late uncle was a parish priest) – another being the album’s penultimate track, An Ghiobóg, a charming duet with Eoghan Mac Giolla Bhríde, comes from the singing of Éamonn Mac Ruairí.

Halfway through the disc, as a kind of interlude I guess, comes the first of three items featuring a box player – the reel Damhsa Sciobóil, played as a solo by Máire’s father Gerry Ó Colm. An Chéad Mháirt d’Thómhar (fetchingly accompanied by Breanndán Ó Beaglaíoch) then provides a further disc high-point, while Doimnic Mac Giolla Bhríde does the honours in a more restrained fashion on Is Fada Ó Bhaile; finally, Conor Byrne provides a flute counterpoint to Máire’s singing on Tiocfaidh an Samhradh and Ciarán Ó Maonaigh embellishes Ar a Ghabháil Go Baile Átha Cliath Domh with hardanger and octave fiddles. It all adds up to a very listenable record, with Máire’s distinguished character as a singer – and the evident pleasure she gets from the singing – at the forefront in this truthful recording.

The only gripe I have with this release is, however, a serious one regarding the presentation; for it’s a great pity that while the booklet contains full texts and notes, all in Irish Gaelic, there’s not a hint of a synopsis – let alone a translation – to aid our appreciation of any of the individual songs. The only concession to the non-Irish-speaker is a general background note in English that’s mainly about Máire herself rather than the songs.