CIC Logo

The Home Ruler

By Catherine McEvoy, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: CICD 172  

The Home Ruler le Catherine McEvoy ag #4 ar Liosta Ceol Traidisiúnta 2008 ag Earle Hitchner.

Earle Hitchner, Echo Nation, Irish Echo, 21-27 Eanáir 2009

Tá cáil ar Chatherine McEvoy mar dhuine de na ceoltóirí is fearr ar an bhfeadóg mhór atá ag seinm i stíl Ros Comáin - Shligigh agus is cinnte go gcuirfidh an t-albam seo uaithi, a tríú halbam, tuilleadh lena cáil. Sa réamhrá don albam, tugann an fidléir clúiteach Séamus Connolly suntas don luas deas réidh atá faoin gceol seo, rud a chuireann i gcuimhne dó ré ina raibh níos mó grástúlachta agus níos lú deifre le sonrú sa cheol traidisiúnta. Molann sé brí, anamúlacht agus sainiúlacht an cheoil, tréithe a chuireann máistreacht an cheoltóra in iúl dúinn dar leis. Tá éagsúlacht dheas sna foinn atá le cloisteáil ar The Home Ruler, iad seinnte ar fheadóga móra i ngléasanna D, Eb agus C, fonn mall álainn san áireamh, ‘Bánchnoic Éireann Ó'. Ceoltóirí den scoth atá i mbun tionlacain, leis - Paddy McEvoy (nia le Catherine), Felix Dolan, Geraldine Cotter, Steve Cooney agus Joe Kennedy.

 

Praghas: €15.01