CIC Logo

The Legacy - Ronan Browne & Peter O’Loughlin

By Ronan Browne, Peter O’Loughlin

Tagairt: 2015 RBPOL  

Ó ham go céile eisítear albam a shuaimhníonn muid idir anam is corp. Seo ceann de na halbaim sin. Leanann sé dhá chomhshaothar eile le Peter agus Ronan, chaon ceann acu atá go hálainn. Sa mbailiúcháin seo cloistear fuaim na píbe, na fidle agus na feadóige móire ag obair as lámha a chéile. Tá an luas réidh, an tón álainn séimh. Cé go bhfuil an seinm réidh beidh na cluasa bioraithe ag éisteacht leis an gcasadh fíneálta grinn atá bainte as na poirt. Tugann an ceol seo súil siar ar an dtraidisiún ach tá blas chomh beo bríomhar air agus a bhí riamh. 

Tá spiorad mórcheoltóirí Chontae an Chláir le cloisteáil i gcroí an albaim seo. Macalla Willie Clancy, Séamus Ennis, Tommy Reck agus daoine eile nach iad. Cloisfear scoth thraidisiúin Chontae an Chláir ar an albam seo mar aon le scoth an traidisiún píbe. 

tógtha ó nóta le Jimmy O'Brien Moran ó bhrollach an dlúthdhiosca 

 

Praghas: €15.00