CIC Logo

The Merry Love to Play (CD)

By Peter Horan, Gerry Harrington, Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: CICD 167  

 

Is fada cáil ar Peter Horan, as Cill Fhábhail, Co. Shligigh, as feabhas a chuid ceoil ar an bhfeadóg mhór agus is é seo an dara halbam atá taifeadta aige le Gerry Harrington, fidléir den scoth as an Neidín i gCo. Chiarraí. Tugadh ardmholadh dá gcéad albam, Fortune Favours the Merry, a eisíodh i 2005 agus is cinnte go gcuirfidh The Merry Love to Play tuilleadh le cáil na beirte mar dhísréad ardtallanach. Is ceol gan tionlacan atá le cloisteáil ar an albam nua, rud annamh sa cheol eisithe, a thugann deis don éisteoir aird iomlán a dhíriú ar an dá uirlis séise, agus ar cheol eisiach Peter Horan go háirithe. Cé go bhfuil stíleanna éagsúla ag an mbeirt cheoltóirí luíonn siad go maith lena chéile, ceol íogair aerach Gerry Harrington ag teacht go maith le stíl rithimbhunaithe Peter.

 

Tá nótaí cuimsitheacha ag Gerry Harrington ar chúlra na bhfonn sa leabhrán a théann leis an albam.

 

Praghas: €10.00 Praghas Anois: €5.00