CIC Logo

The Tides that Bind / Fánaíocht

By Seán Ó hÉanaigh

Tagairt: EUCD 002  

As Conamara do Sheán Ó hÉanaigh, amhránaí, cumadóir agus craoltóir.  Ní ón ngaoth a thóg sé é - bhí ceol ar dhá thaobh an teaghlaigh, agus bhí an-cháil ar a uncail Joe Éinniú mar amhránaí sean  nóis.  Tá sé ag cumadh amhrán agus ag gabháil fhoinn ó bhí sé óg.  Bhí sé ina bhall den ghrúpa Roudledum, a bhíodh ag casadh ar fud an iarthair sna 80í.  I 1990, bhunaigh sé an grúpa Éinniú, agus d’eisigh siad an t-albam Éinniú ar lipéad CIC i 1992.

Tá amhráin thraidisiúnta i mBéarla, i nGaeilge agus i nGàidlhlig le cloisteáil ar an albam The Tides that Bind/Fánaíocht, ina measc Bríd Thomáis Mhurchadha, An Buachaill Caol Ard agus The Banks of the Lee.  Tá amhráin nua-chumtha le Seán ar an albam freisin.

Chomh maith le bheith ina cheoltóir, tá aithne go forleathan ar Sheán mar chraoltóir, agus cuireann sé an clár Sruth na Maoile i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta lena chomh-bhádóir Mairi Anna Nic Ualraig.  Scoth an cheoil ó thraidisiúin na hÉireann agus na hAlban a bhíonn le cloisteáil ar an gclár.

Ba in Albain a taifeadadh an t-albam seo, in Ardgour, agus ar na ceoltóirí eile atá le cloisteáil ar an albam tá Mairi Anna Nic Ualraig, Allan Henderson, Blair Douglas, Findlay Napier, Chaz Stewart agus Signy Jacobsdottir, ceoltóirí atá luaite le bannaí ar nós Blazing Fiddles, Runrig, Cliar agus Capercaillie.  Tá Maidhc Ó hÉanaigh, mac le Seán, le cloisteáil ar an albam freisin.

Rianta ar an albam

1.    Buachaill Caol Ard
2.    Nighean Donn a’Chuilein Riabhaigh
3.    A Nobleman’s Wedding
4.    Ag Dul Amach thar Sceirde
5.    Caoinfhionn’s Waltz
6.    I Wish I Had Someone to Love Me
7.    Óró a Stóirín
8.    Times Are Changing
9.    Bóthar An Bhláth Buí
10.    Bríd Thomáis Mhurchadha
11.    Maili Dhonn, Bhòidheach Dhonn
12.    The Banks of the Lee

Praghas: €15.00