CIC Logo

The Torn Jacket

By Cló Iar-Chonnacht

Tagairt: CICD204  

“Tommy Guihen is a remarkable musician. Steeped in the brilliant flute playing of the Roscommon, Sligo and Leitrim masters of the past, he has evolved his own distinctive way of playing with an infectious pulse, swing and vitality allied to an acute musical sensibility.”

                                                                                                                                   – Mick Moloney

 

Rugadh agus tógadh Tommy Guihen ar fheirm bheag sa mbaile fearthainn Bó Dhearg, atá suite idir  Céideadh agus an Airgnigh i dtuaisceart Chontae Ros Comáin. Thosaigh sé ag seinm ar an bhfeadóg mhór nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois. D’oir an uirlis go maith dhó agus ní fada nó go raibh sé ina sheinnteoir inniúil ar an bhfeadóg mhór i stíl thraidisiúnta Ros Comáin / Liatroim / Sligeach.  Bhuaigh sé craobh na hÉireann faoi 18 in Inis i 1977 agus craobh na hÉireann sinsearach i 1978. Chuaigh sé ar chamchuairteanna le Comhaltas Ceoltóirí Éireann sna seachtóidí, ochtóidí agus naochaidí, tráth a raibh sé ar stáitse sa Ríocht Aontaithe, Meiriceá Thuaidh, Ceanada agus an Astráil.

Tugadh cuirithe dhó ceol a chasadh go gairmiúil i Meiriceá thuaidh, ach bhí sé ag iarraidh fanacht in Éirinn agus a shaol a chaitheamh ina cheantar dúchais. Ní raibh aon tóir aige riamh ar cháil ná bolscaireacht ach b’fhearr leis riamh a cheol a chasadh do dhaoine ina gceantar féin ag ceolchoirmeacha agus seisiúin cheoil i gcaitheamh a shaoil. Chas sé ceol leis an mbanna Shebeen sna 1980í i Ros Comáin, Liatroim agus Sligeach. Thug sé an ceol leis ó chluas. Agus é ina fhear óg d’fhoghlaim sé a chuid ceoil ó cheoltóirí áitiúla. Tá ardmheas aige ar na stíleanna ceoil áitiúla agus réigiúnacha atá le cloisteáil ó na seanfhondúirí ceoil. Faraor, feiceann sé go bhfuil na stíleanna áitiúla sin ag imeacht i léig mar gheall ar an bhfáil forleathain atá ar thaifeadtaí agus forbairtí teicneolaíochta.

Liosta traiceanna: THE TORN JACKET

  1. Reels: The View Across the Valley / Father Newman’s
  2. Jigs: Kilglass Lakes / Mouse in the Cupboard / The Fisherman’s Jig
  3. Reels: The Navy on the Shore / Peig McGrath’s / McFadden’s
  4. Slow Air: Lament for Jim Flynn
  5. Jigs: Connie the Soldier / Fasten the Leg In
  6. Reels: The High Hills of Largy / The Moss Banks
  7. Reels: Darby’s Farewell / Father O’Grady’s Trip to Bocca / Baltimore Salute
  8. O’Carolan: Eleanor Plunkett
  9. Reels: The Master’s Return / Kiss the Maid Behind the Barrel
  10. Hornpipes: The Killeigh / A Builder of Bridges
  11. Jigs: Killavil / Andy McGann’s / The Lark in the Morning
  12. Reels: The Bell Harbour / The Piper’s Despair / Boys of Dublin
  13. Slow Air: Úna Bhán
  14. Reels: The Parcel of Land / The Streetplayer / The Drunken Landlady
  15. Reels: Tonn Téine / The Torn Jacket / Longford Spinster

 

 

 

Praghas: €15.00 Praghas Anois: €12.00