CIC Logo

This Day 20 Years

By Brian Hughes

Is é This Day 20 Years an t-albam nua iontach le Brian Hughes agus tá sé ar fáil anois ar shuíomh idirlín Chló Iar-Chonnacht agus is gearr go mbeidh sé ar fáil i siopaí ceoil ar fud na tíre. 

Tugthar aitheantas go forleathan do Bhrian Hughes ar dhuine de na seinnteoirí is fearr ar an bhfeadóg stáin as glúin ceoltóirí agus tá raon ceoil ar an bhfeadóg stáin taifeadtha aige agus eisithe ar dhlúthdhioscaí éasgsúla. Tá scoth na dtraiceanna ó chúig albam a d'eisigh sé le fiche bliain anuas tugtha le chéile ar an albam seo agus níl aon dabht ach gur albam den chéad scoth atá ann. 

Seolfar an t-albam nua i Leabharlann Bhaile Átha Í ar an Satharn, 14 Deireadh Fómhair ag a 8.00 i.n. agus tá fáilte roimh chách d'oíche álainn ceoil bheo. 

I dteannta Bhrian Hughes ar an oíche beidh Seán McElwain ón mbanna ceoil Téada agus Colm Phelan ón mbanna ceoil Goitse agus beidh ceoltóirí áitiúla sa gcomhluadar freisin agus iad ag glacadh páirte sa gcur i láthair. 

Má tá tú thart ar Bhaile Átha Í ar an Satharn, 14 Deireadh Fómhair, bí cinnte agus bualadh isteach d'oíche iontach ceoil. 

Praghas: €15.00