CIC Logo

Laghdú 20% ar 'Seven Virtues of the Rising'

20% Discount on ‘Seven Virtues of the Rising’ Thursday, 13th April, 2017

Chun ceiliúradh a dhéanamh ar fhoilsiú an leabhair Seacht mBua an Éirí Amach / Seven Virtues of the Rising, tá Cló Iar-Chonnacht ag cur lascaine 20% ar fáil ar an leabhar tríd an suíomh idirlín ag Cló Iar-Chonnacht. Tá an leabhar ar fáil ar €16 in áit €20 ar CIC.ie go dtí an 23 Aibreán, 2017. 

Beidh Diarmuid de Faoite, a d'aistrigh an leabhar go Béarla, ag léamh sleachta as an leabhar ag ionaid éagsúla ar fud na tíre i mí Aibreáin. Beidh an ceoltóir Nuala ní Chanainn ina theannta i roinnt de hionaid agus ceol beo á chur i láthair aici. Gach eolas thíos. 

Leabharlann Inis Díomáin, Co. an Chláir 

Dé Céadaoin, 26 Aibreán ag 6.30 i.n.

Beidh Diarmuid de Faoite ag léamh as Seacht mBua an Éirí Amach / Seven Virtues of the Rising ag ócáid i Leabharlann Inis Díomáin. Cead isteach saor in aisce. 

Ionad an Bhlascaoid, Dún Chaoin

Dé Sathairn, 29 Aibreán ag 4.00 i.n

‘Seacht mBua an Éirí Amach’ a scríobh Pádraic Ó Conaire; an tOchtú Bua a thug Seosamh Mac Grianna ar a shaothar ach is cinnte gur naoi n-inseacht a bheidh ag Diarmuid de Faoite sa léamh dátheangach seo a chaithfidh solas ar chúlra na gcarachtar, ar chuid de mhórphearsa na scéalta agus ar réabhlóid an Chonairigh féin. Ceol álainn agus amhráin bríomhara na linne sin leis an amhránaí agus an veidhleadóir Nuala Ní Chanainn. Fíricí, bréaga agus deis agat do ladar féin a chur sa scéal. Beir leat do bhua.   

 


Seacht mBua an Éirí Amach / Seven Virtues of the Rising
Seacht mBua an Éirí Amach / Seven Virtues of the Rising

Leabhar dátheangach ina bhfuil bunleaganacha na scéalta Seacht mBua an Éirí Amach le Pádraic Ó Conaire agus aistriúchán ar an seacht scéal go Béarla le Diarmuid de Faoite. 

€20.00 Anois: €16.00 Ceannaigh ›