CIC Logo

Léamh le hAlex Hijmans i Siopa Leabhar Chló Iar-Chonnacht

A reading with Alex Hijmans in the Cló Iar-Chonnacht book shop Friday, 08th December, 2017

Beidh an scríbhneoir Alex Hijmans ag léamh óna leabhar nua gearrscéalta Idir Dhá Thír (Cois Life, 2017) i siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht ar an Satharn, 16 Nollaig ag 5.00 i.n. agus beidh plé leis an údar ina dhiaidh. Tá cead isteach saor in aisce. 

Idir Dhá Thír - Cnuasach gearrscéalta nua ó pheann Alex Hijmans.

‘Fágann an duine lorg ina dhiaidh mar a fhágann bád ar an bhfarraige, nó réalta eireabaill sa spéir. D’fhág Tír na Sámach a lorg ormsa, agus – dá laghad é – d’fhág mise lorg ar Thír na Sámach.’

I scéalta an chnuasaigh seo, leanann peann Alex Hijmans an lorg a d’fhág an imirce ar charachtair éagsúla – i Londain, i Liospóin, i nGaillimh, i mBéal Feirste, in Washington D.C. agus in áiteanna eile nach iad.


Idir Dhá Thír
Idir Dhá Thír

Cnuasach gearrscéalta nua ó pheann Alex Hijmans.‘Fágann an duine lorg ina dhiaidh mar a fhágann bád ar an bhfarraige, nó réalta eireabaill sa spéir. D’fhág Tír na Sámach a lorg ormsa,...

Praghas: €12.00 Ceannaigh ›
Favela
Favela

Cónaíonn Alex Hijmans (Foinse, Nuacht TG4 / RTÉ) i mbruachbhaile bocht, contúirteach sa Bhrasaíl. An t-aon duine den chine geal i gceantar plódaithe, ina bhfuil sliocht na nAfracach a tugadh mar...

Praghas: €18.00 Ceannaigh ›