CIC Logo

Áine Durkin aoi-fhile Ardán na hÉigse

Áine Durkin is this year’s guest poet at Ardán an Éigse Friday, 09th February, 2018

Is í an file Áine Durkin, a bhfuil aithne uirthi freisin faoina hainm cleite 'Mise Áine', a bheidh mar aoi-fhile ag an ócáid 'Ardán na hÉigse' mar chuid de chlár imeachtaí Éigse an Spidéil. Beidh Áine ag léamh óna saothar agus óna leabhar nua Mise Áine: An Bhean Istigh, a céad cnuasach filíochta agus é foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht i mí Nollag na bliana seo caite. 

Beidh an ceoltóir Seamus Ó Flatharta ar an stáitse an oíche chéanna, is é aoi-cheoltóir Ardán an Éigse agus beidh mic oscailte d'fhilí Gaelacha chomh maith. Is sa gCruiscín Lán sa Spidéal a bheidh Ardán na hÉigse ar siúil i mbliana ar an Aoine, 16 Feabhra ag a 8.00 i.n. Gach eolas le fáil ar shuíomh idirlín Éigse an Spidéil

As Conamara ó dhúchas, tá Áine Durkin ina cónaí in Inis Eoghain ó bhí 1980 ann.  Scríobhann sí filíocht agus amhráin, agus is blagálaí í.  

Bhuaigh Áine an chéad duais i gComórtas na Scríbhneoirí Úra 2017 de chuid Oireachtas na Gaeilge leis an gcnuasach Mise Áine: An Bhean Istigh. Bhuaigh sí duais liteartha ag Oireachtas na Samhna 2010 dá blag, Mise Áine (@MiseAine). Bhuaigh a hamhrán ‘Le Do Thaobh’ an Comórtas Amhrán Náisiúnta ag an bhFéile Phan Cheilteach i 2013; agus bhuaigh ‘Féile na Nollag’ comórtas amhránaíochta a d’eagraigh Ros na Rún/Raidió na Gaeltachta.  

Bhí dánta léi in An Gael, Windows Publications, Foinse, North West Words, agus ar Raidió na Gaeltachta. Craoladh a dán, ‘Ciara na Gruaige Rua’, ar an gclár Ciara na Gruaige Rua ar Raidió na Gaeltachta, clár a bhuaigh bonn airgid idirnáisiúnta ag an New York Festival’s International Radio Broadcasting Awards 2008.  Foilsíodh ailt léi in irisí agus i nuachtáin éagsúla.


Mise Áine: An Bhean Istigh
Mise Áine: An Bhean Istigh

Is é seo an chéad chnuasach filíochta agus amhrán atá curtha i gcló ag an údar, Áine Durkin, scríbhneoir a bhíonn ag blagáil faoin ainm Mise Áine. Bhuaigh Áine Durkin an chéad duais leis...

Praghas: €8.00 Ceannaigh ›
Aisteoirí an Spidéil
Aisteoirí an Spidéil

Le blianta fada anuas tá Aisteoirí an Spidéil ar cheann de na compántais drámaíochta is bisiúla agus is gníomhaí i nGaeltacht Chonamara. Cíorann an saothar seo stair an chompántais ó 1910...

Praghas: €12.00 Ceannaigh ›