CIC Logo

Seoladh Dhá Leabhar agus Siopa Nua Chló Iar-Chonnacht

Book Launch and Cló Iar-Chonnacht’s New Shop’s Opening Monday, 27th November, 2017

Ba mhór againn do chuideachta nuair a osclóidh Joe Steve Ó Neachtain siopa nua Chló Iar-Chonnacht (in aice leis an gCeardlann, sa Spidéal).

 

Dé hAoine, 1 Nollaig @ 9.15 ar maidin.

 

Beidh an clár Iris Aniar, RTÉ Raidió na Gaeltachta, ag craoladh beo ón siopa an mhaidin sin.

 

Seolfar an leabhar Mise Áine le hÁine Durkin agus Mac Dé Cé hÉ? le Pádraig Standún le linn na hócáide. Bhuaigh na leabhair seo duais Oireachtais i mbliana.

 

Ceol, craic, comhluadar agus blaisíní bia.

 

Fáilte roimh chách.

 

Do na Gasúir ...

An tráthnóna céanna ag a 3.00, beidh cóisir mhór do ghasúir le péinteáil éadain, cluichí, scéalaíocht agus duaiseanna. Is í Máirín Mhic Lochlainn a bheidh ina bean an tí, agus seolfar an tsraith leabhar is déanaí do ghasúir, An Seachtar Stuama, ar an lá.


Mise Áine: An Bhean Istigh
Mise Áine: An Bhean Istigh

Is é seo an chéad chnuasach filíochta agus amhrán atá curtha i gcló ag an údar, Áine Durkin, scríbhneoir a bhíonn ag blagáil faoin ainm Mise Áine. Bhuaigh Áine Durkin an chéad duais leis...

Praghas: €8.00 Ceannaigh ›
Mac Dé Cé hÉ
Mac Dé Cé hÉ

Léiritheoir agus stiúrthóir scannán é Nioclás “an Diabhailín” Dowling, ach nuair a thugann sé faoi scannán a dhéanamh i mbaile beag tuaithe in iarthar na hÉireann, faoi bheatha...

€10.00 Anois: €8.00 Ceannaigh ›