CIC Logo

Síniú leabhar le hÁine Durkin i mBun Cranncha ar mhaithe le Tara's Fund

Book signing with Áine Durkin in Buncrana in aid of Tara’s Fund Thursday, 14th December, 2017

Beidh Áine Durkin sa Lily Rose Sandwich Bar & Coffee Shop i mBun Cranncha ar an Aoine, 15 Nollaig ón 3.00 i.n. go dtí a 5.00 i.n. ag díol is ag síniú cóipeanna dá leabhar nua Mise Áine: An Bhean Istigh ar mhaithe le Tara's Fund. Beidh na leabhair ar fáil le ceannacht ag €8.00 an ceann agus beidh an t-airgead ar fad ón díolachán ag dul chuig Tara's Fund a bunaíodh i gcuimhne ar Tara Cameron as Summer Hill i mBun Cranncha a bhásaigh go tobann i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo. Tá tuilleadh eolais le fáil ar leathanach Facebook 'The Lily Rose' Coffee Shop & Sandwich Bar. 

 

 


Mise Áine: An Bhean Istigh
Mise Áine: An Bhean Istigh

Is é seo an chéad chnuasach filíochta agus amhrán atá curtha i gcló ag an údar, Áine Durkin, scríbhneoir a bhíonn ag blagáil faoin ainm Mise Áine. Bhuaigh Áine Durkin an chéad duais leis...

Praghas: €8.00 Ceannaigh ›